Gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2026 Fógartha

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló(Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Tá naoi leabhar déag (19) ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo – seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus cúig (5) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló.

Bhain 10 Teach Foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná: Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Dalen Éireann; Éabhlóid; Futa Fata; JM Agency Publishing & Design; LeabhairCOMHAR; Leabhar Breac; Mayo Book Press; agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Ar a bharr sin, bhain leabhar amháin atá féinfhoilsithe gearrliosta amach chomh maith. Tá liosta iomlán de na leabhair atá gearrliostaithe ar fáil thíos.

“Eiseamláir den chaighdeán is airde is ea na saothair a bhain amach Gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta i mbliana “, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, “agus tréaslaím a saothar leis na foilsitheoirí atá a dtabhairt chun an mhargaidh. Is léir cúram na huibhe a bheith tugtha den uile shaothar ag gach aon

chéim, ón eagarthóireacht phointeáilte, an leagan amach ealaíonta agus an cur i láthair snasta – leabhair áille Gaeilge chun léitheoirí nua a mhealladh.”

Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair 2026 in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh. Gabhann duaischiste de €17,000 leis na trí ghradam.

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin

Gearrliosta Ghradam Réics Carló

Gearrliosta Ghradam de Bhaldraithe