Ba ó Chill Mhaoilchéadair i gCorca Dhuibhne an Seanchaí Seán na Cille Mac Criomhthain (1875-1955). Bhí sé ar dhuine de na seanchaithe ba mhó a bhfuair Coimisiún Béaloideas Éireann ábhar uatha agus caitheadh breis agus fiche bliain ar a sciar fein de thraidisiún béil na hÉireann a thaifeadadh. Sa leabhar seo tá scéal a shaol agus rogha an ábhair a bailíodh uaidh, i litriú an lae inniu.