Nuacht

Le breis agus dhá scór bliain, tá Áis i gcroílár dháileadh na leabhar Gaeilge, ag cinntiú go sroicheann leabhair Ghaeilge léitheoirí ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Cuireann Áis seirbhís dáileacháin ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge, a bhfuil de thoradh air soláthar buan leabhar Gaeilge ar an margadh.
Leis an bhfás atá tagtha ar na meáin shóisialta le fiche bliain anuas, bíonn sé deacair in amanna d’aosaigh óga a scíth a ligean agus sos a fháil ón mbrú a bhaineann le fás aníos. De réir suirbhé fadaimseartha de chuid Growing Up in Ireland, dúirt 19% de dhaoine óga trí bliana déag d’aois nach léann siad choíche, agus ag seacht mbliana déag d’aois d’fhás an figiúr sin go 53%. Tá droch-chuma ar na staitisticí, ach ní hionann sin agus a rá nach féidir an taoide a chasadh.
Cé go mbíonn an teanga á labhairt againne an bhliain ar fad, is deis iontach í seo dúinn le ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí atá bainte amach ag pobal na Gaeilge. Ó thaobh na litríochta do pháistí de, tá réimse níos leithne ná mar a bhí riamh ar fáil de leabhair iontacha as Gaeilge.