Tá an buachaill bó Lúcás Lúfar sa tóir ar Jesse James, an robálaí is míchlúití san Iarthar. Nuair a thosaíonn Jesse ag robáil traenacha, glaoitear ar bhleachtairí ón ngníomhaireacht Pinkerto. ach cliseann orthu deireadh a chur le réim robála Bhuíon James. Ní fhéadfadh ach fear amháin é sin a dhéanamh, ach an mbeidh Lúcás sásta tabhairt faoi agus gan aige ach beagáinín tarra agus lán mála de chleití?