Ráiteas Príobháideachais

Tá an ráiteas príobháideachais seo leagtha amach ag Love Leabhar Gaeilge le Foras na Gaeilge mar léiriú ar a thiomantas daingean don phríobháideachas.  Anseo thíos tá eolas faoi na gnásanna atá i bhfeidhm ag Love Leabhar Gaeilge maidir le bailiú agus scaipeadh eolais.

Chun úsáid a bhaint as seirbhísí iarrtha Love Leabhar Gaeilge ní mór do gach úsáideoir buneolas teagmhála a sholáthar.  Ní chuireann muid an t-eolas sin ar fáil d’aon dream eile.

Ní leanann muid cosán brabhsála aon úsáideora taobh amuigh dár suíomhanna gréasáin féin.

Eolas a bhailíonn LoveLeabharGaeilge.ie

Seirbhísí Iarrtha:

Más mian le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh le Love Leabhar Gaeilge maidir le táirgí agus seirbhísí, ní mór dóibh sonraí pearsanta a iontráil.  Is iad na seirbhísí dá bhfuil sonraí pearsanta ag teastáil:

  • Clárú linn
  • Teagmháil

De ghnáth is seoladh ríomhphoist agus ainm an t-eolas atá ag teastáil má dhéanann úsáideoir teagmháil le Love Leabhar Gaeilge.  Mura bhfuil fonn ar úsáideoir leanúint de bheith ag fáil ríomhphost ó Love Leabhar Gaeilge tar éis dó / di clárú, ní gá ach é sin a chur in iúl agus ní leanfar den teagmháil.

Aithníonn Love Leabhar Gaeilge an fhreagracht atá orthu maidir le bainistiú aon sonraí pearsanta agus tá siad tiomanta do phríobháideachas a chosaint agus a chaomhnú trí na dualgais a bhaineann leis an Acht um Chosaint Sonraí agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a chomhlíonadh.

Fianáin

Baineann an suíomh seo úsáid as Google Analytics, seirbhís anailísíochta ar líne a chuireann Google, Inc. (“Google”) ar fáil. Baineann Google Analytics úsáid as fianáin, ar comhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire le cuidiú leis an suíomh anailís a dhéanamh ar an gcaoi a mbaineann cuairteoirí úsáid as an suíomh. Cuirtear an t-eolas faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh (do sheoladh IP san áireamh) ar aghaidh chuig Google. Stórálann Google an t-eolas ar fhreastalaithe in áiteanna taobh amuigh d’Éirinn lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Eoraip nó an Áis. Bainfidh Google úsáid as an eolas seo le measúnú a dhéanamh ar úsáid an tsuímh, le tuairiscí a ghinniúint ar úsáid an tsuímh d’oibritheoirí agus le seirbhísí a sholáthar maidir le húsáid an tsuímh agus an idirlín. D’fhéadfadh Google an t-eolas seo a aistriú go tríú páirtí más gá de réir an dlí nó sa chás go bhfuil eolas á phróiseáil ag tríú páirtí thar ceann Google. Ní dhéanfaidh Google nasc idir do sheoladh IP agus aon fhaisnéis eile a choinníonn Google.

Is féidir leat diúltú fianáin a úsáid trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí. Ní mór cuimhneamh, áfach, go bhfuil seans ann nach mbeidh ar do chumas úsáid a bhaint as feidhmiúlacht iomlán an tsuímh má roghnaíonn tú na socruithe seo. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh seo agus cead a thabhairt Google faisnéis a phróiseáil sa bhealach agus do na cuspóirí atá leagtha amach thuas.

 

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a mbaineann Google úsáid as fianáin: http://www.google.com/policies/technologies/cookies/

Úsáid fianán Google Analytics ar shuíomhanna gréasáin: http://developers.google.com/analytics/devguides/collection/analyticsjs/cookie-usage

Úsáid na bPicteilíní Monatóireachta

Úsáideann muid picteilín Facebook ar ár suíomh gréasáin chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-úsáideoirí, le barr feabhais a chur ar fhógraí, agus le fógraíocht dhírithe a chruthú ar Facebook agus ar ardáin ghaolmhara. D’fhéadfadh go mbeadh bailiúchán sonraíochta i gceist leis seo ar nós do sheoladh IP agus cuairteanna leathanach, a d’fhéadfadh a bheith roinnte go Facebook.

Is féidir tarraingt amach as monatóireacht picteilín Facebook trí shocruithe fianán do bhrabhsálaí a athrú. Bailíonn muid an tsonraíocht seo le do chead lenár mbratach fhianáin de réir RGCS.

Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann

Tá tuilleadh eolais faoi do chearta maidir le príobháideachas sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin An Choimisinéara Chosanta Sonraí.

http://www.dataprotection.ie/docs/A-guide-to-your-rights-Plain-English-Version/r/858.htm

Naisc Sheachtracha

Tá naisc le suíomhanna eile ar fáil ar an suíomh seo.  Níl Love Leabhar Gaeilge freagrach as cleachtais phríobháideachais ná as ábhar na suíomhanna seo.

Slándáil

Tá bearta slándála i bhfeidhm ag an suíomh seo mar chosaint ar chailliúint, mhí-úsáid agus athrú eolais atá faoinár gcúram.  Faraor, ní féidir aon ráthaíocht a thabhairt go mbeidh sonraí a sheoltar ar an Idirlíon 100% slán.  Dá bhrí sin, cé go ndéanaimid gach dícheall lena chinntiú go mbeidh do shonraí pearsanta slán, ní féidir le Foras na Gaeilge aon dearbhú ná ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil aon eolais a sheolann tú chugainn, táirgí ná seirbhísí ar líne. Ar do phriacal féin atá sé.  Ón uair a fhaigheann muid do chuid sonraí, déanann muid gach dícheall lena chinntiú go mbeidh siad slán ar na córais againn.

Cearta an Duine Aonair

De réir na reachtaíochta agus an RGCS tá na bunchearta seo ag daoine aonair maidir leis na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil maidir leo:

  1. An ceart rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta agus eolas a bhaineann go sonrach leo.
  2. An ceart botúin a aithnítear sna sonraí nó san eolas sin a cheartú.
  3. An ceart a iarraidh na sonraí nó an t-eolas sin a scrios (an ceart go ndéanfar dearmaid orthu)
  4. An ceart diúltú do mhargaíocht dhíreach
  5. An ceart bac a chur ar phróiseáil a sonraí pearsanta
  6. An ceart sonraí pearsanta a aistriú

Cloífidh Love Leabhar Gaeilge le riachtanais na reachtaíochta agus an RGCS i ngach slí, i gcomhréir le hacmhainn agus dualgais.

Iarratais rochtana

De réir na gceart thuas tá an ceart ag duine aonair rochtain a iarraidh ar shonraí pearsanta agus eolas a choinnítear orthu leis an eolas a sheiceáil agus dlíthiúlacht phróiseáil an eolais a chinntiú. Faoin RGCS tá an ceart acu:

  • Deimhniú a lorg go bhfuil sonraí pearsanta acu á bpróiseáil
  • Rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta
  • Eolas eile a lorg de réir mar a leagtar amach san reachtaíocht agus in RGCS