Níl taithí ar bith ag Ríona ar an tseoltóireacht, agus níl mórán airgid ag a máthair chun níos mó ná campa seachtaine amháin a thabhairt di. Ní mar sin atá cúrsaí ag a cara nua Mealla. Tá an-chuid taithí aici siúd ar an tseoltóireacht, agus tá bád ag a teaghlach. Ach tá fadhbanna aici leis na traenálaithe ar an gcampa. An mbeidh na scileanna acu chun iad féin agus daoine eile a shábháil ón dainséar? Agus cad faoin gcaidreamh nua seo – an grá é seo nó díreach dlúthchairdeas?