Sa scéal seo, an tríú leabhar sa tsraith rathúil, tá naimhde gránna Inis Mara, an Santóir agus Smugairle Rónán, ar ais arís agus plean nua acu chun éirí níos saibhre ná riamh. Ach is iad muintir Inis Mara – agus an t-oileán féin – a íocfaidh go daor as. Cuireann an damáiste a chruthaíonn siad saol an oileáin i gcruachás uafásach. Ní raibh muintir Inis Mara i mbaol mar seo ariamh roimhe – ach ar sheachain a laoch óg Éabha dúshlán riamh?