Tháinig scoláirí agus bailitheóirí béaloidis as gach cearn le héisteacht le scéalta Mhicí Sheáin Néill Ó Baoill agus is é seo an chéad bailiúchán dá chuid scéalta a foilsíodh. Tá scéalta ann faoi ríthe agus faoi laochra, faoi gnáthdhaoine a chas le daoine neamhghnách, faoi bheathaigh allta agus síoga, agus go leor eile. Tá ceisteanna ag deireadh an leabhair a bheadh úsáideach do sheomra ranga agus tá na scéalta iad féin iontach fóirsteanach do chomórtais scéalaíochta.