Is diabhlaí an cat é Lúiscín. Bíonn sé i gcónaí san anachain, é go síoraí seasta ag scriosadh, ag milleadh, ag pléascadh, is ag dó. Bíonn sé ag réabadh roimhe is ina dhiaidh. Tá an diabhal craite ar Lúiscín. Níl múineadh na muice air. Tá an leabhar seo lom lán d’eachtraí, chuile cheann ag baint barr dhá chéile. Níl dabht ar bith faoi, ach is é Lúiscín an caitín is craiceáilte ar domhan!