Inné agus Inniu: 100 Bliain den Ghúm An 7 Bealtaine, 2026

Tá clochmhíle mhór bainte amach ag an nGúm ar an aistear foilsitheoireachta i mbliana, 2026. Tá 100 bliain ann ó bunaíodh an Gúm in 1926 agus is mór an t-údar bróid dúinn é. Mar chuid den chomóradh 100 bliain, bhí comhdháil lae á reáchtáil ag an nGúm i gcomhar le Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU.

Inné & Inniu: 100 Bliain den Ghúm is teideal don chomhdháil. Ón gcéad lá riamh bhí an Gúm ag plé le foilseacháin den uile chineál: leabhair scoile agus leabhair léitheoireachta, bunsaothair agus aistriúcháin, saothair chruthaitheacha agus saothair thagartha. Bhí blaiseadh de na réimsí sin uile ar chlár na comhdhála seo. I gcaitheamh an lae caitheadh súil siar ar ghnéithe de stair agus d’obair an Ghúim. Dhírigh cuid de na cainteanna ar phearsana agus údair ar leith agus dhírigh cuid de na cainteanna ar théamaí níos leithne: na mná a rinne obair don Ghúm sna blianta tosaigh, téacsleabhair an Ghúim, Séideán Sí agus conas mar a tháinig ann don tionscadal sin, an fhoclóireacht, na comheagráin, agus coincheap an chlúdaigh féin.

Mar chlabhsúr ar an lá sheol Alan Titley eagrán comórtha den iris Comhar dar teideal An Gúm@100.

Ar lá na hócáide, dúirt Muiris Ó Raghallaigh, Eagarthóir Sinsearach an Ghúim. ‘Is iontach an deis a bheidh ann chun bualadh le comhghleacaithe agus le cairde i saol na Gaeilge, le léitheoirí agus le daoine a raibh baint acu leis an nGúm i gcaitheamh na mblianta, chun plé agus caibidil a dhéanamh mar gheall ar an obair agus ar a bhfuil le teacht sa chéad chéad eile