D’fhógair An Post Irish Book Awards a gcuid gearrliostaí, le hócáid speisialta in Ard-Oifig an Phoist, i mBaile Átha Cliath aréir (24 Deireadh Fómhair). Scór (20) catagóirí atá á cheilliúradh acu i mbliana.
Tá sé leabhar ficsin Gaeilge ainmnithe ar ghearrliosta catagóir na leabhar Gaeilge agus an gradam dírithe ar leabhar ficsin Gaeilge, urraithe ag Love Leabhar Gaeilge le Foras na Gaeilge.
Cuireann Love Leabhar Gaeilge leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann i measc léitheoirí, i siopaí leabhar, ar líne agus trí acmhainní agus ócáidí do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i leabhair Ghaeilge.
Ar an ngearrliosta do Ghradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana tá:
- ‘Geansaithe Móra’ le Gearóidín Nic Cárthaigh, foilsithe ag Leabhair Comhar
- ‘Cuimhní Poircealláin & Scéalta Eile’ le Majella Ní Dhomhnaill, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
- ‘Mná’ le Daithí Ó Muirí, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
- ‘Súile Éisc agus scéalta eile’ le Michelle Nic Pháidín, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
- ‘Saighdiúir’ le Cathal Ó Searcaigh, foilsithe ag Leabhar Breac
- ‘Flaitheas’ le Proinsias Mac a’Bhaird, foilsithe ag Leabhar Breac
Tá an vótáil phoiblí oscailte do na catagóirí uile agus is féidir do vóta a chaitheamh do na leabhair is fearr leat ag www.anpostirishbookawards.ie
Fógrófar na buaiteoirí do na catagóirí uile ag ócáid mhór An Post Irish Books Awards a bheidh ar siúl in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 27ú Samhain.