Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach seo, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is grá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. Tá an leabhar seo ag cur thar maoil le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á fháil acu ar an saol.