Conas an “déagóir drogallach” a threorú
Leis an bhfás atá tagtha ar na meáin shóisialta le fiche bliain anuas, bíonn sé deacair in amanna d’aosaigh óga a scíth a ligean agus sos a fháil ón mbrú a bhaineann le fás aníos. De réir suirbhé fadaimseartha de chuid Growing Up in Ireland, dúirt 19% de dhaoine óga trí bliana déag d’aois nach léann siad choíche, agus ag seacht mbliana déag d’aois d’fhás an figiúr sin go 53%. Tá droch-chuma ar na staitisticí, ach ní hionann sin agus a rá nach féidir an taoide a chasadh.
Ná cuirimis an locht ar aosaigh óga ná ar aon aoisghrúpa mar gheall air seo ach an oiread. Is gá dúinn anois meon dearfach i leith na léitheoireachta a chothú.
Más tuismitheoir nó caomhnóir thú, iarraim ort fiú cúpla nóiméad gan scáileáin a leagan amach go rialta don aosach óg inar féidir leo a rogha leabhar a léamh – is cuma más ficsean, neamhfhicsean, úrscéal grafach nó úrscéal véarsaíochta atá ann, tá luach ag baint le gach cineál leabhar.
Más múinteoir thú, iarraim ort deis a thabhairt do do dhaltaí sult a bhaint as an léitheoireacht gan obair bhreise a thabhairt dóibh leis. An modh is fearr a bhí ag múinteoir agamsa le léitheoireacht a spreagadh go nádúrtha agus mé ní b’óige ná go raibh cead agam féin, agus ag aon dalta eile sa rang, leabhar a léamh i ndiaidh tascanna a chríochnú.
Má tá baint eile agat le daoine óga, labhair leo faoi leabhair! Bíodh leabhair Ghaeilge lárnach sna comhráite a bhíonn agat leo. Mar a dhéanaimid le scannáin agus cláracha teilifíse, mol leabhar dóibh agus fiafraigh díobh cad a cheapann siad faoi agus é léite acu. Tá leabhair Ghaeilge iontacha ar fáil d’aosaigh óga agus ba cheart dúinn iad a chur i gcroílar chultúr na hÉireann.
Má tá moltaí uait maidir leis na leabhair ar cheart duit a bheith ar an eolas fúthu, caith súil ar Treoirleabhar Léitheoireachta 2025. Tá deich leabhar ón treoirleabhar roghnaithe againn thíos le blaiseadh a thabhairt daoibh de scoth na leabhar atá ar fáil as Gaeilge d’aosaigh óga. Léigí libh!
- Scéilíní Scanrúla (Gabriel Rosenstock, maisithe ag Graham Corcoran, foilsithe ag Éabhlóid): Bainfear geit agus gáire as léitheoirí leis an mbailiúchán gearrscéalta seo. Beidh aosaigh óga in ann tosú ar sheánraí an uafáis agus an scéinséara leis an leabhar seo agus an scéal scanrúil is ansa leo a aimsiú ann.
- An Mac Tíre Deireanach (Patricia Forde, maisithe ag Lauren O’Neill, foilsithe ag Futa Fata): Lonnaithe in Éirinn sa bhliain 1652, cinneann Úna ar mhac tíre a shábháil ó shaighdiúirí Chromail. Taitneoidh an leabhar seo le haon duine a bheadh dóchasach agus cróga in ainneoin an ansmachta, ach go háirithe leo siúd a bhfuil spéis acu sa stair.
- Inis Mara 2 (Tristan Rosenstock, maisithe ag Mark Wickham, foilsithe ag LeabhairCOMHAR): Cé gur cheart an chéad leabhar a bheith léite agat roimhe seo, seasann Inis Mara 2 leis féin mar shárleabhar neamhspleách. Aithneoidh léitheoirí na ceisteanna cigilteacha a eascraíonn as an leabhar – tábhacht an chomhshaoil agus cás na dteifeach ach go háirithe. Cruthaíonn Éabha gur féidir linn ar fad athruithe móra a dhéanamh agus cuidiú leo siúd atá leochaileach.
- Finscéalta na hÉireann (Eithne Massey, aistrithe ag Patricia Nic Eoin, maisithe ag Lisa Jackson, foilsithe ag The O’Brien Press): An Bradán Feasa, Clann Lir, Labhraí Loingseach – tá cuid mhaith de na scéalta is cáiliúla sa tír athinste sa leabhar seo agus le healaín álainn a chuireann beocht sna carachtair. Tá pearsantachtaí na gcarachtar le sonrú go láidir san ealaín agus sa téacs, agus foghlaimímid faoin mbealach ar féidir lenár mothúcháin muid a spreagadh chun gnímh.
- Faoi Cheilt (Thierry Roberrecht, foilsithe ag An Gúm): Aistrithe ón úrscéal Fraincise La Cache, leanaimid Elsa, í ceithre bliana déag d’aois agus cara déanta aici le buachaill Siriach i gcampa dídeanaithe. Cloiseann sí tuairimí diúltacha an phobail mar gheall ar theifigh, ach b’fhearr le hElsa cuidiú leo cibé bealach ar féidir léi. Tá nóta ón údar ag cúl an leabhair mar gheall ar an gcaoi a bhfuil sé de cheart ag an léitheoir mothúcháin láidre a bheith acu nuair a fheiceann siad tubaistí daonna.
- Páirc an Chrócaigh (Sylvain Gâche, aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, maisithe ag Richard Guérineau, foilsithe ag Dalen Éireann): Nuair a d’imir Éire i gcoinne Shasana sa rugbaí i bPáirc an Chrócaigh in 2007, bhí amhras ar chuid den phobal mar gheall ar amhrán náisiúnta na Breataine a sheinm. Is sa chomhthéacs seo a fhoghlaimíonn duine de lucht tacaíochta na Fraince faoi Dhomhnach na Fola 1920. Is aistriúchán é seo ar úrscéal grafach ón bhFrainc a thugann léargas mionsonraithe ar an sléacht.
- Bláth Fiáin (Meadhbh Ní Eadhra, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht): Cé go n-athraíonn ár gcuid modhanna cumarsáide, tá téamaí sa leabhar seo a mhairfidh go deo. Tá Mikey, Hannah agus Rónán ag fanacht ar thorthaí an Teastais Shóisearaigh agus iad ag dul i ngleic le grá, cairdeas, bulaíocht agus fadhbanna sa bhaile. Úsáidtear liricí ó amhráin chun na mothúcháin a léiriú go nádúrtha.
- Éanna Corr (Antain Mac Lochlainn, foilsithe ag Leabhar Breac): Éiríonn Éanna cairdiúil le Síomón, an buachaill nua sa scoil, ach tá baint ag teaghlach Shíomóin le cultas creidimh. Is scéal cumhachtach é seo faoin mbrú a chuirtear ar dhaoine leochaileacha agus faoi thionchar an chairdis.
- Scott Pilgrim (Bryan Lee O’Malley, aistrithe ag Seanán Ó Coistín, athmhaisithe ag Katelyn McKenna, foilsithe ag Gliadar): Beidh aithne ag cuid mhaith daoine ar Scott Pilgrim ón leagan Béarla den úrscéal grafach nó ón scannán agus an clár teilifíse a bhí bunaithe air. Anois is féidir léamh faoi na dúshláin atá roimh Scott agus é ag iarraidh siúl amach le Ramona Flowers i dtrí imleabhar lán d’aicsean agus greann, iad ar fad aistrithe go Gaeilge.
- Nóinín (Máire Zepf, foilsithe ag Cois Life): Titeann Nóinín i ngrá le fear ar líne, ach nuair a théann sí chun bualadh leis sa bhfíorshaol, téann sí ar iarraidh. Scríofa i stíl véarsaíochta, leanaimid Nóinín agus a chara, Eimear, atá á lorg. Pléitear sábháilteacht na gcaidreamh ar líne ar bhealach fileata síos tríd.
Is comhthogra é Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 idir Foras na Gaeilge agus Leabhair Pháistí Éireann, le tacaíocht ó Love Leabhar Gaeilge.
Le Conall Mac Dhonnagáin, Oifigeach Gaeilge Leabhair Pháistí Éireann.