Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn!
Cé go mbíonn an teanga á labhairt againne an bhliain ar fad, is deis iontach í seo dúinn le ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí atá bainte amach ag pobal na Gaeilge. Ó thaobh na litríochta do pháistí de, tá réimse níos leithne ná mar a bhí riamh ar fáil de leabhair iontacha as Gaeilge.
Ar mhaithe le cur le fás na teanga agus í a choimeád beo go buan, caithfimid í a chur ar aghaidh chuig an aos óg. Is cuma más tuismitheoir, caomhnóir, aintín, uncail, múinteoir nó feighlí leanaí tú (nó má tá cara leat a bhaineann le ceann de na teidil sin), is féidir leat leabhar Gaeilge a thabhairt do pháiste atá ar d’aithne. Agus muna bhfuil mórán Gaeilge ag tuismitheoirí an pháiste, b’fhéidir go bhfoghlaimeoidh siadsan agus iad ag léamh chomh maith. Ní bheidh an turas foghlama ró-scanrúil dóibh agus leabhar do pháistí sna lámha acu!
Is ar mhaithe leis seo ar fad go bhfuil Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 foilsithe againn – le léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh i measc an phobail agus tacú le siopaí leabhar agus leabharlanna i gcoitinne chun leabhair Ghaeilge do pháistí a dhéanamh níos feiceálaí ar a gcuid seilfeanna. Tá deich leabhar ón treoirleabhar roghnaithe againn thíos le blaiseadh a thabhairt daoibh de scoth na leabhar atá ar fáil as Gaeilge do léitheoirí óga. Léigí libh!
- Teach Teidí (Sadhbh Rosenstock, maisithe ag Ciara Ní Dhuinn, foilsithe ag Picnic Press): Beidh léitheoirí óga ag canadh os ard agus iad ag leanúint Teidí agus a chairde. Tá amhrán nua a ghreamóidh i d’aigne le gach casadh den leathanach agus íomhánna gleoite leo ar fad. Is féidir teacht ar na hamhráin tríd an gcód MF (QR) a thagann leis an leabhar.
- Fuaimeanna na Feirme (Risteard Mac Liam, maisithe ag Anna Shabaltii, ceol le hAnna Jordan, foilsithe ag My Irish Books): Is leabhar fuaime é seo atá lán le rím agus ceol. Beidh léitheoirí óga á samhlú féin faoin tuath, ag foghlaim faoin gcomhshaol agus na hainmhithe éagsúla. Meascann an ceol agus fuaimeanna le chéile go nádúrtha síos tríd.
- An Snag Breac Ildaite (Emma Baskin, maisithe ag Serena Scully, foilsithe ag LeabhairCOMHAR): Foghlaimíonn an snag breac nach bhfuil cuma leamh air ar chor ar bith agus gur cheart dó a bheith féinmhuiníneach. Úsáidtear téacs simplí agus dathanna geala a thabharfaidh tuiscint don léitheoir faoi áilleacht na timpeallachta agus conas d’áilleacht féin a aithint.
- An Drúchtín agus an Seilide (Oein DeBharduin, maisithe ag Olya Anima, foilsithe ag Skein Press agus Little Island Books): Fásann cairdeas idir bheirt deartháireacha nuair a aithníonn siad na cosúlachtaí atá eatarthu in ainneoin éagsúlachtaí ina gcuid mianta. Is scéal béaloidis de chuid an Lucht Siúil é seo a chothóidh plé fíorthábhachtach i measc léitheoirí óga faoi ghlacadh le cultúir éagsúla.
- Óstán na bhFeithidí (Áine Ní Ghlinn, maisithe ag Mr Ando, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór): Buail leis na feithidí éagsúla agus a dteaghlaigh agus iad ag lorg seomraí codlata san óstán. Ní bheidh aon eagla ar léitheoirí roimh fheithidí i ndiaidh dóibh é seo a léamh – tá cruthanna simplí in úsáid agus rann le gach ceann acu a chur in iúl. Seo an dara leabhar sa tsraith agus roghnaíodh an chéad leabhar, Ag Buzzáil sa Ghairdín, do Lá Domhanda na Leabhar 2025.
- Ó Bhó, na Beacha! (Pauline Devine, maisithe ag Róisín Curé, foilsithe ag An Gúm): Scriostar coirceog na mbeach i ngairdín Mhamó ach cinneann Mamó agus na hainmhithe eile sa ghairdín ar na beacha a shábháil. Ní hamháin go bhfuil tábhacht an chomhshaoil le brath, ach beidh bá ag léitheoirí do na hainmhithe ar fad agus na pearsantachtaí éagsúla atá acu.
- Orla Uan i gClós na Feirme (Eibhlín Uí Iarlaithe, maisithe ag Dómhnal Ó Bric, foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne): Scríofa i gcanúint na Mumhan ach le nótaí cabhracha ag cúl an leabhair, leanaimid Orla Uan agus í ag caint le hainmhithe eile agus leis na feirmeoirí. Foghlaimímid faoi obair na feirme ar bhealach spraíúil trí shúile an uain. Tá cód MF (QR) in éineacht leis a theoraíonn an léitheoir chuig an gclosleabhar agus fuaimeanna na feirme ag cur leis an atmaisféar sa chúlra.
- An Fia sa Choill (Sadhbh Devlin, maisithe ag Anastasia Melnykova, foilsithe ag Futa Fata): Beidh aithne mhaith ag léitheoirí ar Fhionn Mac Cumhaill, ach níl mórán leabhar scríofa faoina bhean chéile, Sadhbh – rud a d’aithin an scríbhneoir agus an t-ainm céanna uirthi. Le draíocht na scéalta Fiannaíochta agus léirithe le healaín Cheilteach, athraíonn Sadhbh ó bheith ina fia go bheith ina bean álainn.
- Draíocht an Dúlra (Gráinne Holland, maisithe ag Morgana Weeks, foilsithe ag Corcra Media): Tugtar beocht agus brí do gach séasúr tríd an gceol agus an ealaín sa leabhar seo. Beidh léitheoirí óga á samhlú féin i lár coille agus tuiscint acu ar áilleacht an dúlra. Tá cód MF (QR) laistigh a ligfidh don léitheoir éisteacht leis na hamhráin bhreátha agus iad ag léamh.
- Mór agus Muilc (John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla, maisithe ag Kim Sharkey, foilsithe ag Éabhlóid): Aimsíonn Mór agus Muilc portán ar an trá agus síleann siad gur an bás atá ann! Agus iad ag iarraidh éalú uaidh, buaileann siad le scata carachtar, idir bheag agus mhór, a leanann iad. Scéal béaloidis ó Ghaoth Dobhair é seo le hinsint iontach chiorclach.
Is comhthogra é Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 idir Foras na Gaeilge agus Leabhair Pháistí Éireann, le tacaíocht ó Love Leabhar Gaeilge.
Le Conall Mac Dhonnagáin, Oifigeach Gaeilge Leabhair Pháistí Éireann
Tá Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 ar fáil i siopaí leabhar agus leabharlanna ar fud na tíre, le leagan ar féidir a íoslódáil anseo nó ag www.childrensbooksireland.ie. Is comhthogra é seo idir Foras na Gaeilge agus Leabhair Pháistí Éireann, le tacaíocht ó Love Leabhar Gaeilge.