Tír Bheag

Tír Bheag GA

Tír Bheag

Léirmheas le: Úna Nic Cárthaigh

San úrscéal seo, aistrithe ón bhFraincís ag Antain Mac Lochlainn, tugtar siar chuig an mBurúin sna nochaidí muid. Is scéal é faoi fhear óg Gabi gur Francach é a athair agus Tutsaithe í a mháthair. Insíonn sé faoi shaol Ghabi agus é ag teacht in inmhe i dtír atá timpeallaithe ag cogadh agus foréigean. Tuigtear dúinn ó thús an leabhair go bhfuil clann Gabi meánaicmeach agus go bhfuil saol sona sásta aige le go leor cairde ar scoil agus sa chomharsanacht. Tuigtear dúinn freisin go bhfuil teannas ann idir a thuismitheoirí. Déanann Gabi cur síos ar a shaol díreach mar a dhéanfadh duine óg, tá neamhshuim aige sa pholaitíocht agus sa choimhlint idir na Hútúaigh agus na Tútsaithe agus tá a shuim ar fad sa chara pinn atá aige sa Fhrainc, sa diabhlaíocht agus é ag goid mangóanna lena chairde agus a bheith ag snámh agus ag caint lena chairde. Léirítear scéal an chogaidh san Afraic dúinn trí shúile an pháiste, níl Gabi ag iarraidh an coimhlint a thuiscint. Fiú nuair a chuireann a chairde féin suim sa rud, téann sé i dtreo sean-chomharsan atá aige agus cuireann sé suim sna leabhair atá aici mar bhealach chun éalú ón uafás. Ach tá ar Ghabi aghaidh a thabhairt ar an anachain nuair a éiríonn cúrsaí an-dona i dtír dhúchais a mháthar, Ruanda, agus feicimid soineantas Gabi ag sleamhnú uaidh de réir mar a chuireann an slad isteach ar a ghaolta féin agus nuair a chliseann ar phósadh a thuismitheoirí.

Bhuaigh an bunleabhar Petit Pays le Gaël Faye go leor duaiseanna agus tá bua na scríbhneoireachta seo le braith sa chaoi is go ndéantar cur síos cruinn ar an saol san Afraic le linn na tréimhse seo. Tá na carachtair ar fad inchreidte agus pearsantachtaí difriúla ar fad chun tosaigh, thaitin cúpla gur cairde iad le Gabi go mór liom agus thug siad go leor greann isteach sa scéal. Déantar cur síos den scoth ar shaol laethúil an duine óg seo agus an tír ina chíor thuathail mórthimpeall air – léirítear soineantacht na hóige go háirithe nuair a deir Gabi go bhfuil na Hútúigh agus na Tútsaithe ag troid mar gheall go bhfuil sróna difriúla acu. 

Tá teannas iontach le braith tríd an leabhar ar fad. Níl an foréigean nó an cogadh riamh i bhfad ón mbaile agus fiú nuair atá cúrsaí socair agus sásta i saol Ghabi, ní mhothaíonn an léitheoir ar a suaimhneas riamh. Is scéal daonna é seo thar aon rud eile. Faoi mar a dúirt Gabi é féin “ní leath-Francach, leath-Afracach mé, is duine daonna mé”. Tá go leor téamaí idir lámha sa scéal, ina measc: ag teacht in inmhe, cúrsaí féiniúlachata, cúrsaí polaitíochta, tábhacht an chairdis, briseadh croí agus cúrsaí cogaidh. 

Tá cuma shlachtmhar ar an leabhar féin leis an dearadh atá déanta ag Anú Design, an dath oráiste agus dearg ag cur an fuildoirteadh agus an foréigean i gcuimhne dúinn. Faighimid spléachadh ar an scéal atá le teacht faoi fhear óg agus súil buachalla le feiceáil ag amharcaíl amach ó dhroim an leabhair. 

Tá aistriúcháin paiteanta ar fad déanta ag Antain Mac Lochlainn agus déanann sé cur síos iontach cumhachtach ar thimpeallacht agus dúthracht na hAfraice i nGaeilge shaibhir, ealaíonta. Tugann Antain radharc do léitheoirí na Gaeilge ar thírdhreach, ar chultúr agus ar stair na Burúine sa leabhar speisialta seo agus nach méanar dúinn é.

Léirmheasanna Iontacha Eile