Oiread na Fríde

Léirmheas le: Úna Nic Cárthaigh

Díríonn an t-úrscéal gearr seo ar Áine agus a clann ina bhfuil a hiníon agus mac, an cúpla Aoife agus Naoise, agus a máthair chéile Mamó Peige. Is baintreach óg í Áine óna chaill sí a fear céile Brian dhá bhliain ó shin agus tá an chlann fós faoi scamall dubh an bhróin. Tá an scéal seo bunaithe ar tréimhse Covid agus feiceann sé ar na hathruithe a thagann ar shaol na clainne seo de bharr na haicíde agus na dianghlasála agus ar na hathruithe eile ar nós an caidreamh nua atá ag Áine. Is scéal clainne é, a thaispeánann an chaoi ina bhfuil Áine ag déileáil lena saol nua, an chaoi ina bhfuil an bheirt dhéagóir ag glacadh leis an saol nua, agus an tseanbhean chríonna ag tabhairt a breithiúnas agus comhairle ar gach atá ag titim amach.

An t-athrú is mó a tharlaíonn le linn an scéil seo ná go mbuaileann Áine le fear áitiúil, Gearóid agus tosaíonn sí caidreamh leis. Teastaíonn uaithi go gcuirfidh a chlann aithne air, fiú an madra Leo nach bhfuil róthógtha le Gearóid ag an tús. Léirítear an neamhchinnteacht atá ag Aoife ach go háirithe faoin gcaidreamh seo agus eagla uirthi go ndéanfar dearmad ar a hathair. 

Tá an scéal deas simplí inste i nGaeilge shaibhir Chonamara le go leor frásaí deasa agus seanfhocail iontacha ráite ach go háirithe ó Mhamó Peige. Tá an Ghaeilge shaibhir agus soléite, tá an t-ábhar oiriúnach do dhéagóirí, daoine fásta  agus foghlaimeoirí. Ar ndóigh, tá go leor seodra céille agus cainte aici agus tagann fear darb ainm Liam ar cuairt chuici chun a chuid seanchais a bhailiú agus a thaifead do thogra. I measc na seodra, bhreac mé féin síos na cinn seo a leanas: ‘le ham, cuireann an croí caoi air fhéin’, ‘caithfidh muid fanacht go n-íosfaidh an fear mála salainn linn’, ‘níl ach oiread na fríde idir gol agus gáire’, ‘d’íosfainn an chloch fhaobhair’ agus ‘tá bearradh eile ionat’.

Tá an scéal inste trí chaibidlí gearra le meascán idir ghnáthreacaireacht agus cuntas dialainne ón iníon Aoife agus í ag scríobh chuig a Daid atá básaithe. Léirítear an brón tar éis an bháis go nádúrtha, réalaíoch agus Áine ag labhairt lena fear céile ag an uaigh, ag iarraidh a rá leis go bhfuil sí i gcaidreamh eile. Tá go leor comhráite idir an chlann agus léirítear gnáthshaol laethúil na ndaoine seo ar bhealach daonna.

Bíodh leabhar nótaí le d’ais chun nathanna ciallmhara saibhre Mhamó Peige a bhreacadh síos!

Léirmheasanna Iontacha Eile