Páirc an Chrócaigh: Domhnach na Fola i mBaile Átha Cliath

Léirmheas le: Úna Nic Cárthaigh

Tugann an leabhar graifice seo cúlra eachtra stairiúil dúinn, ‘sé sin Domhnach na Fola a tharla ar an 21 Samhain, 1920 i bPáirc an Chrócaigh nuair a maraíodh 14 daoine agus gortaíodh roinnt eile. Tosaíonn an scéal amach sa bhliain 2007 nuair a tharla eachtra stairiúil eile: d’imir Éire in aghaidh Sasana i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche rugbaí mar gheall nach raibh an Staid Aviva ar fáil. Cuirtear fear ón bhFrainc inár láthair atá ag tabhairt cuairte ar Éirinn chun freastal ar chluiche rugbaí idir an Fhrainc agus Éire a tharla coicís roimh ré, agus nuair a bhuaileann sé le beirt sheanfhear i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath, impíonn sé orthu a mhíniú dó cén fáth an bhfuil an oiread sin suntas ag baint leis an gcluiche idir Éire agus Sasana. Téann an bheirt sheanfhear siar ar bhóithrín na smaointe agus insíonn siad an méid a thit amach sna laethanta roimh Dhomhnach Fola, agus ar an lá cinniúnach féin.

Féachann siad siar ar dtús ar an 20 Samhain 1920 agus dream ag taisteal ar an traein ó Thiobraid Árainn chuig Baile Átha Cliath agus feicimid an teannas a bhí idir na hÉireannaigh agus na Sasanaigh nuair a bhriseann troid amach eatarthu ar an traein. Feicimid éadaí agus caint an ama sin agus léirítear an caidreamh a bhí eatarthu go cruinn is go héifeachtach. Ansin, feicimid an tsraith imeachtaí a tharla ar an lá sin a chruthaigh teannas agus a tharraing aighnis sa phríomhchathair. Mharaigh brainse d’Óglaigh na hÉireann a bhí á stiúradh ag Micheál Ó Coileáin – ‘an Dáréag Aspal’ a tugadh orthu – grúpa oifigigh rúnda de chuid na Breataine a raibh sé d’aidhm acu gluaiseacht na saoirse in Éirinn a chloí. Agus na póilíní Shasana cinnte go mbeadh an Dáréag Aspal i láthair ag an gcluiche i bPáirc an Chrócaigh, thosaigh siad ag scoileadh i measc an tslua agus na himreoirí, ag marú daoine soineanta.

Críochnaíonn an scéal le cur síos reatha ar an gcluiche rugbaí idir Éire agus Sasana nuair a rinneadh créachtaí na staire a leigheas trí mheán an spóirt. Tá sé thar a bheith suimiúil an comhthéacs stairiúil a bhain leis an lá mór seo a léamh i dteannta le cur síos fuinniúil ar an gcluiche rugbaí. Tá jab iontach déanta ag Antain Mac Lochlainn ar an aistriúcháin agus beocht agus brí ag baint le gach uile focal. Tá na léaráidí snasta agus léirítear na tréimhsí ama difriúla (2007 & 1920) go héifeachtach.

Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh agus an leabhar seo a chuireann scéal stairiúil i láthair trí fhormáid nua-aimseartha agus dea-léirithe. Tá an Ghaeilge éasca le tuiscint agus is cinnte go mbeadh foghlaimeoirí na teanga in ann é a thuiscint. Ceann don bhord caifé agus do gach saghas léitheoir!

Léirmheasanna Iontacha Eile