Léirmheas le: Úna Nic Cárthaigh
Sa scéal fíor-dhifriúil seo táimid i ngcathair dhiostóipeach ina bhfuil cráiteoirí sa tóir ar ealaíontóirí mar nach bhfuil spás ag na healaíona sa domhain seo. Níl meas ar ealaín, níl cead leabhair a léamh nó a scríobh, ná bíodh aon cheol le clos ná drámaíocht le feiceáil – níl ann ach am amú. Is fearr leis na cráiteoirí daoine a chur ag obair – ar an bhfíorobair.
Tá an scéal inste ag scéalaí atá ag labhairt go díreach leis an léitheoir agus faighimid foláireamh sa réamhrá: “gread leat, ní haon áit duitse é seo.” Míníonn an scéalaí dúinn gur gearradh an chathair ina dhá thaobh: an taobh láidir agus an taobh lag. Bíonn daoine ar an taobh láidir ag obair go crua agus bíonn an taobh lag leisciúil. Buailimid le buachaill darb ainm Genius a rugadh agus a tógadh ar an taobh lag agus atá ag cuardach a thuismitheoirí ó d’fhuadaigh na cráiteoirí iad. Má chloiseann gnáthdaoine rann na gcráiteoirí ‘le sonas saolta, seo fios an rúin, déanann.obair.maitheas.dúinn’ cailleann a misneach, is beag nach gcailleann Genius a misneach ach tagann Juno chabhair air. Déanann sise agus seanbhean darb ainm Alma Mater mascanna chun an dallamullóg a chur ar na cráiteoirí, ach an éireoidh leo cabhrú le Genius a thuismitheoirí a aimsiú?
Tá struchtúr faoi leith ag an leabhar seo d’aosaigh óga a chuireann script drámaí chun cuimhne. Tá trí mhórchaibidil agus lastaigh de sin tá codanna níos lú. Insítear an-chuid den scéal trí chomhráite atá scríofa ar nós script dráma nó teilifíse, rud a chuireann le gluaiseacht agus práinneacht an scéil. Tá searbhas nó soiniciúlacht le braith ón scéalaí a leagann síos tuin an scéil ón tús agus a thugann atmaisféar faoi leith dó.
Tá an cló breá mór agus léaráidí aitheanta Éilis Neary a chuireann na puipéid Punch and Judy i gcuimhne dom. Tá na léaráidí fite fuaite tríd agus cuireann siad go mór le beogacht an leabhair.
Cé go bhfuil an leabhar dírithe ar dhéagóirí, is cinnte go dtarraingeodh sé suim léitheoirí fásta leis an téama atá ann agus an cheist a ardaíonn sé faoi thábhacht na n-ealaíona agus an domhain diostóipeach nach bhfuil ró-dhifriúil ón bhfíorshaol inniu. Cuireann sé domhain in iúl ina bhfuil an bhéim ar fad ar an obair agus ar airgead seachas an chruthaitheacht – topaic atá ábhartha agus tráthúil sa lá atá inniu ann. Tá Gaeilge shaibhir, intuighte tríd agus bheadh sé in oiriúnt d’fhoghlaimeoirí fásta chomh maith le déagóirí.