10 leabhar Gaeilge do dhaoine óga don Nollaig

“Rud atá uathu, rud atá de dhíth, rud le caitheamh, rud chun ligean scíth” – sin an chomhairle a thugtar agus tú ag dul i mbun siopadóireacht Nollag. Ar ndóigh, níl aon ní níos fearr chun scíth a ligean ná leabhar a léamh agus tá rogha fairsing ar fáil anois idir leabhair do pháistí agus leabhair d’aosaigh óga. Seo cúpla ceann le breacadh síos ar do liosta siopadóireachta i mbliana.

Ag díriú ar pháistí óga ar dtús agus tá ceann nua ón tsraith álainn clárleabhar Nano – Nano agus an Nollaig. Le béim ar an bhfoclóir a bhaineann leis an Nollaig agus léaráidí geala simplí, taitneoidh seo go mór le páistí óga aois 0-4. 

Clárleabhar eile atá tagtha amach le déanaí ná Fud Fad na Feirme. Téigh ar thuras álainn fileata timpeall na feirme agus foghlaim faoi na hainmhithe éagsúla atá ann! 

Ceann eile a thaitneodh le páistí gur maith leo ainmhithe ná An Peata is Fearr. Beidh páistí ag gáire faoin Ollamh Seán Mac Amadáin agus é ag tabhairt moltaí aisteacha agus comhairle craiceáilte faoin bpeata is fearr le fáil agus conas aire a thabhairt dó. 

Insíonn an scéal álainn An Snag Breac Ildaite faoin éan atá brónach mar nach bhfuil cleití deasa daite air. Ach cabhraíonn na hainmhithe eile lena fhéinmhuinín a fhorbairt agus feiceann sé go bhfuil sé gleoite ar a bhealach féin. 

D’aon pháiste ar thaitin an comaic Looshkin i mBéarla leo, beidh siad sásta a chloisteáil go bhfuil an scéal faoin gcaitín craiceáilte anois ar fáil i nGaeilge leis an ainm breá Gaelach Lúiscín uirthi. Beidh páistí gur maith leo greannáin agus leabhair ghraifice an-sásta an ceann seo a fheiceáil faoin gcrann Nollag i mbliana!

Ansin, d’aosaigh óga gur maith leo scéalta fantaisíochta, ní féidir dul amú leis an scéal álainn Bithiúnaigh a thógfaidh léitheoirí siar in am in Éirinn.

Pléitear briseadh croí, fadhbanna déagóirí agus contúirt na hidirlíne i véarsaíocht snasta sa scéal Nóinín – ní bheidh déagóir ar bith in ann an leabhar seo a leagan uathu agus is cinnte go mbeidh a gcroí ina mbéal acu leis an gcasadh mór sa scéal. 

Tá an scéal faoi mhistéir sa bhaile aisteach Cloch na Gréine foirfe don bhleachtaire i do shaol.

Má tá aithne agat ar dhéagoir atá craiceáilte faoi scéal grá na beirte Charlie agus Nick ón tsraith Heartstopper, bainfidh siad taitneamh agus sásamh as an aistriúcháin iontach atá déanta ar an leagan Gaeilge de. Tá an chéad trí leabhar ón tsraith anois ar fáil i nGaeilge. 

Do léitheoirí óga gur maith leo comaicí agus úrscéalta graifice tá an tsraith iontach aistrithe ón bhFraincís, Na Trodaoirí. Tá sé suite i mbaile beag inar imigh na fir ar fad ag troid ar son na cúise agus nuair nach bhfilleann siad, titeann an dualgas ar mhná agus páistí an bhaile cúrsaí a chur ina gceart agus iad féin a chosaint. 

Sin díreach blaiseadh beag den méid leabhar atá ar fáil i nGaeilge do dhaoine óga, má tá a thuilleadh moltaí ag teastáil uait, téigh chuig LoveLeabharGaeilge.ie.