Éacht stairiúil eile don leabhar Gaeilge ag Gradaim Leabhar na hÉireann 2026

Cúig leabhar ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Love Leabhar Gaeilge, Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana, do An Post Irish Book Awards 2026

D’fhógair An Post Irish Book Awards a gcuid gearrliostaí, ag ócáid speisialta in Ard-Oifig an Phoist, i mBaile Átha Cliath, Déardaoin an 22 Deireadh Fómhair. I mbliana, tá Irish Book Awards ag ceilliúradh bliain is fiche ar an bhfód. 

Cúig (5) leabhar ficsin Gaeilge atá san iomaíocht do Ghradam Love Leabhar Gaeilge i mbliana atá urraithe ag Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge ag tacú le catagóir na leabhar Gaeilge ó 2018 trí Love Leabhar Gaeilge. Cuireann Love Leabhar Gaeilge leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann i measc léitheoirí, i siopaí leabhar, ar líne agus trí acmhainní agus ócáidí do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i leabhair Ghaeilge.

Ar an ngearrliosta do Ghradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana tá:

  • Faraor Géar nár Cailleadh Mé, le Micheál Ó Conghaile agus arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht
  • Rúnaí an Aire, le Brian Ó Tiomáin agus arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht
  • Eoghan Béal, le Darach Ó Scolaí, arna mhaisiú ag Alé Mercado agus arna fhoilsiú ag Leabhar Breac
  • An Cláirseoir, le Diarmuid Johnson arna fhoilsiú ag Leabhar Breac
  • Sí le Seán Ó Muireagáin agus arna fhoilsiú ag Éabhlóid

Don dara huair riamh i stair Irish Book Awards, tá leabhar Gaeilge ainmnithe ar ghearrliosta i gceann de phríomhchatagóirí na ngradam.  Tá ‘An Peata is Fearr’ le Patricia Forde, arna mhaisiú ag Phillip Cullen agus arna fhoilsiú ag Futa Fata, ar ghearrliosta Leabhar na Bliana do Pháistí (Sóisear).

Is éacht suntasach é seo don litríocht Ghaeilge agus is aitheantas tábhachtach é do chaighdeán agus do chruthaitheacht na leabhar Gaeilge atá á fhoilsiú do pháistí in Éirinn.  Léiríonn an t-ainmniúchán seo go bhfuil áit tuillte ag leabhair Ghaeilge i measc na leabhar páistí is fearr sa tír, agus cruthaíonn sé deis iontach litríocht na Gaeilge a chur os comhair lucht léitheoireachta níos leithne.

Tá an vótáil phoiblí oscailte do na catagóirí uile agus is féidir do vóta a chaitheamh do na leabhair is fearr leat ag https://www.irishbookawards.ie/vote/. 

Do Ghradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana, bíonn an cinneadh deiridh ag an bpainéal moltóireachta don chatagóir seo.

Fógrófar na buaiteoirí do na catagóirí uile ag mórócáid An Post Irish Books Awards, a bheidh ar siúl in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 1 Nollaig.

Tuilleadh eolais faoi na leabhair ar ghearrliosta Ghradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2026 ag LoveLeabharGaeilge.ie