5 leabhar Gaeilge don duine fásta ag an Nollaig
An bhfuil tú ag déanamh do liosta agus á seiceáil faoi dhó? Gan ach cúpla seachtain fágtha go dtí an lá mór, beidh daoine ag smaoineamh faoi na féiríní deasa gur féidir leo bronnadh ar a gclann agus ar a gcairde agus ní féidir dul amú le leabhar maith. Tá rogha níos leithne de leabhair Ghaeilge ar fáil anois ná riamh agus phioc foireann Love Leabhar Gaeilge 5 leabhar amach a chuirfeadh gliondar ar chroí duine éigin ag an Nollaig.
Má tá suim acu i stair na hÉireann agus is maith leo scéal cumhachtach agus corraitheach, tabhair dóibh an ropleabhar An Bhlaosc sa mBois. Tugann sé léitheoirí ar thuras stairiúil trí athchruthú samhlaíochta de sheanfhear a théann ar thuras timpeall a cheantar dúchais féin i gConamara agus blaosc linbh á iompar aige – blaosc a dheirféar a fuair bás in Áras Máithreacha agus Leanaí nuair a bhí sí cúig bliana. Déanann sé plé ar an mbás agus ar an mbeatha, ar dhaonnacht agus cúrsaí creidimh.
Ceann eile do dhaoine le suim sa stair ná Hula Hul le Seán Mac Mathúna a thógfaidh léitheoirí siar go Ciarraí sa bhliain 1923 agus cogadh cathartha ar siúl. Tá orduithe tugtha don Chaptaen Mait Dálaigh chun príosúnaí a thabhairt ar ais leis ag an seanbhaile lastaigh de chúig lá. Tá an greann agus an traidisiúin fite fuaite lena chéile sa leabhar speisialta seo.
D’aon duine gur maith leo mistéir le go leor castaí sa scéal, ní féidir dul amú le Kíor Thuathail. Scéinséir suite ar bhruach na Meánmhara, insíonn sé faoi thriúr comrádaithe a d’fhás suas ar shráideanna Mharseille – cé go mbíonn siad scartha óna chéile ar feadh roinnt blianta, tugann an bás ar ais le chéile iad. An dea-scéal anseo ná gurb é seo an chéad leabhar i dtriológ!
Leabhar eile atá aistrithe go snasta ón bhFraincís chuig an nGaeilge ná An Saol Sona. Taitneoidh sé seo le daoine gur maith leo léamh faoi ghnáthdhaoine atá ag crosbhóthar ina saol. Sin an áit ina bhfuil Éric, atá scartha óna bhean agus ag iarraidh dul i dtreo nua ina shaol oibre. Déanann sé iniúchadh ar thosaíochtaí an tsaoil agus conas mar a athraíonn daoine agus iad ag fáil tuiscint níos fearr orthu féin agus ar a saol.
Ansin tá coirscéinséir den chéad scoth Sí a insíonn faoi éanacha corr Hannah agus a haintín Bríd a chónaíonn i gceantar ar imeall an Anlantaigh. Tá saol ciúin acu go dtí go dtarlaíonn tubaiste dóibh a chuireann a saol i mbaol agus a nochtann cuid rúnda dá saol. Ní bheidh léitheoirí in ann an leabhar seo a leagan uathu!
Ar ndóigh, níl anseo ach blaiseadh beag den méid leabhair Ghaeilge atá ar fáil do dhaoine. Má tá tuilleadh moltaí ag teastáil uait sula ndéanfaidh tú cinneadh, téigh chuig LoveLeabharGaeilge.ie chun níos mó moltaí agus smaointí a fháil. Beidh do chuid cairde agus clann ag dul ar aistir iontacha fud fad na cruinne agus iad te teolaí cois tine an Nollaig seo!