Óstán na bhFeithidí

Óstán na bhFeithidí

Leabhar lán le rithim, rím agus dathanna geala é Óstán na bhFeithidí ina gcuirimid aithne ar na feithidí ar fad atá ag iarraidh codladh geimhridh a dhéanamh. Aithneoidh léitheoirí Óstán na bhFeithidí ó na cinn a fheicimid san fhíorshaol ar thaobh na mbóithre, i gclós na scoile agus sna páirceanna. Tá óstán breá mór teolaí ag an gciaróg agus cuireann sé fáilte roimh na feithidí ar fad teacht agus fanacht sna seomraí difriúla ann.

Tagann feithid dhifriúil le fanacht ar gach leathanach idir beach, damhán alla, bóín Dé, lasóg agus eile. Trí rím agus véarsaí ceolmhara a chuireann an chiaróg fáilte rompu ar fad agus tá athrá ann le curfá deas – is cinnte go bpiocfaidh léitheoirí óga suas an ceann seo tar éis cúpla uair:

‘Fáilte agus fiche, Fáilte mhór ó chroí, Fáilte romhaibh isteach, In Óstán na bhFeithidí’.

Scríofa ag iar-Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, tá a stíl scríbhneoireachta chomh snasta agus spraíúil is a bhí riamh idir an rím shásúil agus imeartas focal. Mar shampla leis an uaim a úsáideann sí d’ainmneacha na bhfeithidí: Barraí Beach, Beití Bóín Dé, Cití Cláirseach. Tá na habairtí deas gearr chun an léamh a éascú do pháistí óga.

Tá stíl so-aitheanta Andrew Whitson, nó Mr. Ando mar is fearr aithne air, le brath sna léaráidí freisin idir na línte tiubha dubha agus na dathanna geala tarraingteacha. Tá sonraí beaga gleoite le piocadh amach ag páistí idir dath na spéire ag athrú le linn an leabhair, go dtí na nithe beaga bídeacha sna seomraí fad is atá an t-óstán ag líonadh.

Tá an leabhar seo an-oiriúnach le léamh ag am codlata agus tá sé ábhartha freisin do mhúinteoirí ranga agus iad ag plé feithidí, geimhriú agus na hábhair a bhailíonn na feithidí difriúla chun leaba a dhéanamh.

Is cinnte go mbeidh fonn ar léitheoirí nead a dhéanamh ag deireadh an leabhair seo!

Léirmheasanna Iontacha Eile