Cé go bhfuil go leor dánta leis an bhfile Laoighseach Ní Choistealbha i gcló le roinnt mhaith blianta anuas i bhfoilseacháin ar nós Comhar, Feasta, Éigse Éireann, ANEAS agus The Waxed Lemon, seo a céad chnuasach filíochta. Is é an chéad chnuasach filíochta atá foilsithe ag Barzaz freisin. Cnuasach toirtiúil atá ann atá roinnte ina dhá chuid: ‘Solas Geimhridh’ (21 dán) agus ‘Dánta Eile’ (54 dán). Go fisiciúil agus go físiúil is leabhar álainn, mealltach é lena chlúdach crua dubh agus ríbínmharc buí. Tá leathchrann bán ag gobadh as an gcnámh droma, agus gealach (nó grian?) déanta as scragall óir. Ceann álainn cinnte é don bhord caifé – ach ceann a léifeá!
Sula gcuirtear tús le dán ar bith tá réamhrá thar a bheith éifeachtach ina dtugtar cuireadh don léitheoir fáil amach ‘an sáfaidh an dán i lár na hoíche thú, nó an ndéanfaidh sé comhleapach duit.’ Mealltar an léitheoir chuig an gcnuasach a léamh ‘bain plaic as, cogain. Lig don tsú sileadh ó do smig’.
Is as ceantar an Lagáin in oirthear Dhún na nGall do Laoighseach agus í anois ag cur fúithi i gCarna i nGaeltacht Chonamara. Mar thoradh ar an aistear seo, pléann sí foghlaim agus labhairt na Gaeilge mar dhara teanga sa chnuasach ag déanamh cur síos ar an teanga mar ‘ubh chuaiche i nead an bhéil’. Déanann sí roinnt tagairtí faoi bheith i bhfad óna háit dúchais: ‘táim i bhfad ón bhaile gan ainm baile’ agus ‘i bhfad as an áit seo ár ndúchais’. Is léir go bhfuil ómós áite ag an bhfile agus tá ról lárnach tugtha don cheantar ina bhfuil sí nuair a tharraingíonn sí ar an gceantar máguaird. Luaitear logainmneacha ar nós Róisín na Mainiach, Cnoc Mordán, Cloch na Rón agus Maínis i measc eile. Freisin, tá an-chion ag an bhfile ar an nádúr agus déantar tagairt don nádúr i rith an chnuasaigh ina luann sí an portach, an reilig, cúrsaí aimsiret, seanmhuillinn, sméara dubha agus ainmneacha na mbláthanna.
Ábhar a ndéanann Laoighseach go leor cíoradh air ná eispéireas na mban. Pléann sí an bhuairt faoin tsláinte nuair a aimsítear meall sa chíoch, ‘Tá cnó faoi ithir a craicinn: ní fios fós cad a fhásfaidh.’ Tá íomhánna iontach láidir trí na dánta seo, mar shampla sa dán Sa tSeomra Ultrafhuaime Dom deir sí gur maith léi a bheith ar foluain sa bhosca dubh ciúin ar nós ‘iasc sa tanc, leanbh sa bhroinn, smaoineamh sa bhlaosc.’ Ní sheachnaíonn sí an fhírinne lom agus na smaointí a bhí ag dul trína hintinn ‘agus mé chomh cnapánach lofa le bainne géaraithe’. Tá an teanga gonta, barainneach agus ní chuirtear oiread is focal amú. Tá an-bhéim ar an bhfisiciúlacht, ar an gcorp, ar chúrsaí sláinte: ‘dá bhféadfainn ualach na fisiciúlachta a chaitheamh uaim mar a bheadh fallaing…uch, dá bhféadfainn!’ Caitheann sí solas ar a cuid eispéiris féin agus pléitear an fhuil mhíosúil ach go háirithe i ndánta ar nós Tuile, Trá, Íomhánna Fola, An Chéad Smearadh agus Glanadh.
Tá an scríbhneoireacht chumhachtach agus slachtmhar agus éiríonn léi an t-ardchaighdeán céanna a bhaint amach ag plé iliomad téamaí. Téama eile a gcaitheann an file seo súil air is ea an grá. Déanann sí tagairt don chreideamh agus í ag plé téama an ghrá, sa dán Cóineartú Saolta ‘d’éirigh tús an chraicinn i ndorchadas an chlub oíche…thuirling coil mar chnámh m’uchta’. Agus freisin sa dán Dara Comaoineach, ‘cuimlím clocha mo phaidrín nua: cnámha do dhroma.’
Uaireanta, tá na dánta chomh pearsanta agus rúnda go mothaíonn sé ar nós dialann an údair a léamh. Agus ansin, ó am go chéile bíonn splancacha féinfheasachta ón údar ina meabhraíonn sí dúinn go bhfuil a fhios aici go bhfuil muid á léamh: ‘maith dom é – níor chuir suaimhneas riamh peann ar phár.’
Tugann an bailiúchán dánta lón machnaimh dúinn faoi iontaisí an tsaoil agus fágtar go leor ceisteanna agus téamaí oscailte dúinn chun ár mbreithiúnas féin a dhéanamh fúthu. Cé nach bhfuil clabhsúr ná freagra faoi leith sna dánta, cuirtear clabhsúr láidir leis an gcnuasach seo leis an dán ‘I dTeach na Teanga’. Is léir go raibh spraoi ag an bhfile leis an draíocht, an tsamhlaíocht, an meafar, agus ag cruthú íomhánna – má táimid tar éis plaic a bhaint as an gcnuasach seo, is cinnte go bhfágann an blaiseadh sin muid bíogtha chun tuilleadh a léamh ón bhfile.
Cláraigh dár nuachtlitir don nuacht is déanaí ar leabhair Ghaeilge, imeachtaí, acmhainní agus feachtais.