Dearg

Is déagóir í Fionn atá ina chónaí i mBéal Feirste agus atá an-phaiseanta faoi rudaí ina saol – a cuid cairde, an teanga, cearta daonna – ach is minic a theipeann ar a misneach agus í ag iarraidh labhairt os comhair daoine. Buailimid le Fionn agus í ar scoil agus drogall uirthi labhairt os comhair an ranga, ach tá cairde iontacha mórthimpeall uirthi a chabhraíonn go mór le cur lena cuid féinmhuiníne. Is carachtair álainn í a dlúthchara Aoibh, atá gealgháireach in ainneoin go bhfuil cúrsaí deacair sa bhaile di, agus tugann sí misneach agus spreagadh d’Fhionn i gcónaí. Mar is iondúil do dhéagóirí, tá leasainm ag na cairde a léiríonn na pearsantachtaí ar fad: Aoibh #AgentofChaos Ní Chathasaigh, Nóra throdach Ó Muirí, Jomari an Gamer Salazar agus ‘Fitzy’ na mbrionglóidí Fitzpatrick. 

Feicimid saol an bhaile d’Fhionn freisin agus a máthair nach bhfuil ag iarraidh go nglacfaidh Fionn páirt sna feachtais cearta teanga don Ghaeilge. Tá go leor teannais idir an bheirt agus braitheann Fionn nach féidir léi í féin a chur in iúl dá máthair mar nach dtacaíonn sí lena paisean. Tá Fionn ar a compord ag pleanáil feachtais lena cairde agus nuair atá siad ag déanamh iarrachta aird a tharraingt ar an bhfeachtas teanga, smaoiníonn Fionn ar a laoch mór ceoil Diabló agus impíonn sí air chun labhairt amach ar son na teanga. Ach ní mar a shíltear a bhítear agus tarlaíonn rud tubaisteach d’Fhionn. An mbeidh sí in ann teacht tríd agus a misneach a aimsiú? An éireoidh léi a glór féin a úsáid chun labhairt amach? 

Seo an dara úrscéal véarsaíochta do dhéagóirí ó Mháire Zepf tar éis an leabhar Nóinín a foilsíodh i 2019. Tá scil dochreidte ag Máire ag scéal cumhachtach a scríobh, a láimhseáileann na téamaí móra a bhaineann le saol an déagóra, trí mheán filíochta álainn. Úsáideann sí gach seift filíochta idir rím, uaim, comhfhuaim, meafar agus sníomhann sí ceol nua-aimseartha isteach –  rud a chuireann go mór leis an eispéaras léitheoireachta. Gluaiseann an scéal ar aghaidh ach tugtar am do na móimintí ciúine tábhachtacha freisin. Is cinnte nach seachnaíonn an leabhar seo cúrsaí troma an tsaoil agus pléitear ionsaí gnéis agus féindochar ar bhealach réalaíoch, báúil agus oiriúnach don aoisghrupa seo. 

Úsáidtear seifteanna cló chomh maith, mar shampla tá focail scaipthe timpeall leathanaigh chun mearbhall a léiriú, úsáidtear athrá leis na fuaimeanna ar nós na freagraí ‘tá-tá-tá-tá-tá’ a thugann Fionn dá máthair nuair a chuireann sí iliomad ceisteanna ar nós ‘meaisínghunna ceisteanna’, ceannlitreacha chun béim a chur ar fhocail, agus liricí ó cheol ábhartha. Tagann an leabhar le seinnliosta iontach den cheol a spreag Máire Zepf agus í i mbun pinn. Tá a leithéid Kneecap, IMLÉ, Fontaines DC, Bob Marley le cloisteáil ar an seinnliosta atá ar fáil ar Spotify trí cód QR ar chúl an leabhair. Chomh maith le sin, tá nóta ón údair mar gheall ar chearta teanga, an Lá Dearg i 2022 agus an gluaiseacht atá ar siúl i mBéal Feirste ach go háirithe. 

Scéal cumhachtach, tábhachtach agus nua-aimseartha do dhéagóirí agus daoine fásta araon.

Léirmheasanna Iontacha Eile