Gradaim An Post 2025

Blag le: Úna Nic Cárthaigh

Níor chuir stailc na dtacsaithe isteach ar an tslua mhór a d’fhreastail ar Ghradaim An Post san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin, 27 Samhain. Mheall an cairpéad glas isteach sa forhalla iad agus ceamaradóirí, láithreoirí agus iriseoirí ag fanacht lena micreafóin, ag súil le bualadh le muintir na leabhar. Bhí ardghiúmar ar lucht ainmnithe na ngradam agus iad ag gluaiseacht isteach sa seomra mór, áit a raibh fáiltiú dí ar fáil dóibh.

Thosaigh an oíche go buacach nuair a bhronn Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, Éilís Ní Dhuibhne, an Bob Hughes Lifetime Achievement Award ar an iar-Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ag aithint gach atá déanta aige ar son litríocht in Éirinn. Dúirt sé gur léiriú an scríbhneoireacht ar ár ndaonnacht agus má dhéantar iarracht í a chosc, caithfear sin a fhiosrú. Fear a léirigh a dhaonnacht go smior ná Manchán Magan, nach maireann, ar a bronnadh an chéad duais eile air. Bhuaigh a leabhar ‘Ninety-Nine Words for Rain (and One for Sun)’ (Gill Books) an duais sa chatagóir Best Irish-Published Book of the Year. Agus í ag glacadh na duaise ar a shon, dúirt a bhean chéile Aisling Rogerson gur cic sa tóin a bhí ann di an Ghaeilge a fhoghlaim nuair nach raibh sí in ann glacadh leis an duais i dteanga dhúchais Mhanchán. Bhí na deora leis an tslua nuair a dúirt sí gur sealbhóir eochracha é Manchán a d’oscail an doras dúinn do fhéidearthachtaí an tsaoil.

Bhí an Ghaeilge fite fuaite tríd an oíche ar fad, le nach mór gach buaiteoir ag gabháil a mbuíochas i nGaeilge. Bhuaigh John agus Kathi Burke an gradam Specsavers Children’s Book of the Year (Senior) dá leabhar Animalopedia (Gill Books) agus luaigh John éifeacht na teanga chun cur síos ealaíonta a dhéanamh ar ainmhithe agus é ag liostáil an ialtóg, ialtóg uisce, an ghráinneog agus an madra rua.

Cé nach raibh an bua ag Sadhbh Devlin ar an oíche dá leabhar An Fia sa Choill (Futa Fata), is cinnte gur leor an t-ainmniúcháin amháin agus éacht stairiúil bainte amach aici as an gcéad leabhar Gaeilge riamh ainmnithe i rannóg taobh amuigh den rannóg Gaeilge. Tharraing an t-ainmniúcháin an-chuid airde sna seachtainí roimh na gradaim agus tá súil agam gur tús é le leabhair Ghaeilge ag fáil ainmniúcháin i rannóga éagsúla na ngradam amach anseo.

Buaicphointe na hoíche do lucht leabhar na Gaeilge ná bronnadh Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana agus ba é Darach Ó Scolaí, scríbhneoir agus bunaitheoir Leabhar Breac, a thug an gradam leis dá leabhar iomráiteach, Bódléar. Bhronn an craoltóir teilifíse agus raidió Sinéad Ní Uallacháin, a ndearna an tharghuthú do na gradaim ar fad, an trófaí nua-dheartha ar Dharach. Léirigh Darach nach bhfuil deireadh lena bhuanna scríbhneoireachta agus rógaireacht sa tsúil aige ag léamh dhá rann a scríobh sé faoi Bhódléar ar an traein ó Ghaillimh chuig na gradaim. Sna rannta sin dúirt sé go bhfuil bhfuil Bódléar sásta go bhfuil Catherine i réim agus go mbeidh sé ag triail ar an Áras – táim cinnte go mbeidh Bódléar sásta faoin ngradam iontach seo freisin!

Agus í ag caint faoi staid reatha litríocht na Gaeilge, dúirt Éilís Ní Dhuibhne go gceapann sí go bhfuil ficsean na Gaeilge ag dul i bhfeabhas an t-am ar fad agus i bhfad níos mó ag teacht amach anois ná riamh. Tá súil aici go mbeidh níos mó daoine ag tabhairt faoi leabhair Ghaeilge a léamh mar gheall go bhfuil níos mó ar fáil agus é soléite, suimiúil. B’ardú meanman an borradh ar an nGaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil ar an oíche speisialta seo ag na An Post Irish Book Awards agus tá súil agam go bhfuil an borradh céanna i ndán don léitheoireacht Ghaeilge amach anseo.

Craolfar clár teilifíse speisialta faoi na gradaim ar RTÉ One ar an 11 Nollaig.