Gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2025 Fógartha

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, Dé Céadaoin, 20 Lúnasa 2025 na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Tá naoi leabhar déag  ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo – sé leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, sé leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus seacht leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló. 

Bhain 10 Teach Foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cork University Press; Dalen Éireann; Éabhlóid; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR agus Picnic Press

“Tréaslaím leis na tithe foilsitheoireachta, na scríbhneoirí, na maisitheoirí agus na haistritheoirí atá ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Is léiriú é an t-aitheantas seo ar an ról ríthábhachtach atá ag foilsitheoirí i gcothú agus i bhforbairt earnáil na scríbhneoireachta Gaeilge. Cinntíonn a dtiomantas go mbeidh rochtain ag léitheoirí de gach aois agus cúlra ar leabhair ar ardchaighdeán a shaibhríonn pobal léitheoireachta na Gaeilge. Trí scéalta cumhachtacha, maisiú aoibhinn agus aistriúcháin bhreátha, tá siad ag cinntiú go mbeidh ár dteanga beo do na glúnta atá le teacht, agus táimid thar a bheith bródúil a gcuid éachtaí a cheiliúradh inniu.”

Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta Dé Máirt, 30 Meán Fómhair 2025 in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh. Gabhann duaischiste de €17,000 leis na trí ghradam.

GEARRLIOSTA GHRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN

GEARRLIOSTA GHRADAM RÉICS CARLÓ

  • Nell Agus Joe I Dteach Mhamó le Sadhbh Rosenstock agus maisithe ag Ciara Ní Dhuinn, foilsithe ag Picnic Press 
  • Óró le hAlan Titley agus maisithe ag Dómhnal Ó Bric, foilsithe ag Leabhar Breac
  • Ceol Na Mara le Tadhg Mac Dhonnagáin agus maisithe ag Tarsila Krüse agus Úna Woods, foilsithe ag Futa Fata
  • Dialann Emily Porter: Caillte Agus Aimsithe le Richie Conroy agus maisithe ag Don Conroy, foilsithe ag LeabhairCOMHAR
  • Nano Agus Na Mothúcháin le Caitríona Nic Sheáin agus maisithe ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór 
  • Éanna Corr le hAntain Mac Lochlainn agus maisithe ag Caomhán Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac
  • Bearradh Gruaige D’eoinín le Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Róisín Hahessy, foilsithe ag Futa Fata

GEARRLIOSTA GHRADAM DE BHALDRAITHE