Úrscéal do dhéagóirí is ea Éanna Corr, úrscéal a thugann aghaidh ar shaol ár linne, ar an uaigneas, ar an mbulaíocht, agus ar an misneach is gá le tabhairt faoin saol.
‘Choíche ná go deo, ná díol do shaoirse ar mhaithe le comhluadar.’ Scéal faoi chairdeas atá in Éanna Corr. Scéal faoi shaoirse is ea é chomh maith. An mbeidh Éanna in ann an fód a sheasamh dó féin agus dá chara? An mbeidh sé de mhisneach aige na ceisteanna crua a chur, fiú má chuireann sé sin an cairdeas i mbaol? An mbeidh aird aige ar chomhairle a dheirféara, Brídín: ‘Choíche ná go deo, ná díol do shaoirse ar mhaithe le comhluadar.’