Is pollaire ticéad é Saraifín sa líonra faoi thalamh. Is leamh leis a chuid oibre. Santaíonn sé an dúlra, saoirse. Tagann athrú mór ar a shaol nuair a fhaigheann sé teach le huacht faoin tuath. ‘Teach álainn trína chéile é’ agus sa chéad leabhar, Saraifín is a Mhórshaothar Iontach, cruthaíonn sé é féin mar cheardaí a bhfuil samhlaíocht iontach aige agus cuireann cruth úrnua ar an raingléis de theach aige. Ach tá aisling Sharaifín i ngleic leis an tsraoilleáil uirbeach agus tosaíonn cogadh na mbó maol idir é agus na maorlathaigh agus an lucht forbartha.