1997 atá ann. Bliain chinniúnach i saol Emily Porter. Ní hamháin go bhfuil an Ardteist ar na bacáin ach tá cinneadh mór le déanamh faoin gcúrsa tríú leibhéal. Tá Emily bhocht faoi strus! Mar bharr ar an donas, níor labhair sí lena dlúthchara Olivia le bliain anuas – is naimhde críochnaithe anois iad. Sa scéal seo, faigheann Emily taithí ar rotha mór an tsaoil. Filleann sí ar an gcoláiste samhraidh ach mar fhostaí an uair seo agus tugtar léargas úr di ar shaol na Gaeltachta. Seo an tríú leabhar sa tsraith móréilimh ‘Dialann Emily Porter’.