13 Leabhar Úra ón nGúm le cur ar do Liosta Léitheoireachta in 2026!

Agus muid ag cur tús le bliain nua, tá deis iontach ag tuismitheoirí, múinteoirí agus daoine óga taitneamh a bhaint as an rogha is déanaí ón nGúm. Roimh an Nollaig, sheol Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, 13 fhoilseachán nua ag Mórsheoladh Leabhar an Ghúim, foilseacháin a oireann don scoil agus don léitheoireacht phearsanta araon. 

Cuireadh béim ag an seoladh ar an thábhacht atá ann rogha leathan de leabhair ar ardchaighdeán a bheith ar fáil a chuideoidh le haistear léitheoireachta an duine óig, ar scoil agus sa bhaile. 

Don Léitheoir Óg 

Tá draíocht agus dathanna go smior sna pictiúrleabhair is déanaí do pháistí. Tá scéalta áille sna leabhair Asailín Abú! le Pauline Devine agus Misneach i mBeithil le Gabrielle Ní Mheachair agus léaráidí den scoth ón maisitheoir Fergal O’Connor sa dá leabhar sin. 

Má tá gáire uait, ní gá a thuilleadh cuardaigh a dhéanamh! Seoladh Níl Éisc le Trust, aistriúchán ar an leabhar iomráiteach Don’t Trust Fish le Neil Sharpson – beidh tú sna tríthí gáire agus an leabhar spraíúil seo á léamh agat. 

Leabhair Eolais agus Atlais 

Ní scéalta amháin atá i gceist leis na foilseacháin nua, ach acmhainní luachmhara oideachais freisin. Seoladh an scéim eolaíochta Féach Thart do Rang 6 agus an leabhar Atlas Bunscoile leis an údar achmhainní oideachais Máire Ní Ghallchobhair. 

Tá an tsraith nua 5 leabhar neamhfhicsin Inis Seo Dom! díreach ceart do pháistí bunscoile. Úsáideann na leabhair seo, a d’aistrigh Pól Mac Fheilimidh, stíl ‘ceisteanna agus freagraí’ chun fíricí suimiúla a chur i láthair an léitheora ar bhealach soiléir spraíúil. 

Ficsean don Aos Óg agus Clasaicí Nua 

Do na léitheoirí neamhspleácha, tá an t-úrscéal Eachtraí Saíd ar fáil, aistriúchán le Róisín Sheehy ar an saothar Catalóinise L’adventura de Saïd le Josep Lorman. Chomh maith leis sin, ó pheann an údair cháiliúil Cathal Ó Sándair agus curtha in eagar ag Róisín Adams, tá eagráin nua d’eachtraí bleachtaireachta an lorgaire chlúitigh Réics Carló ar fáil anois: An Corpán sa Trunc agus Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh

Bliain Stáiriúil don Teach Foilsitheoireachta 

Is bliain thábhachtach í seo don Ghúm agus iad ag ullmhú do chéad bliain a mbunaithe in 2026. Mar a dúirt an tOllamh Regina Uí Chollatáin ag an seoladh, tá pleananna móra ar na bacáin, lena n-áirítear comhdháil, comórtais liteartha, agus ócáidí i leabharlanna na tíre.