Dlúthchairde ón Spidéal iad Mikey, Hannah agus Rónán. Is deacair do Mhikey a mhothúcháin do Hannah a chur in iúl agus ise ag tabhairt aghaidh ar a cuid trioblóidí féin. Bíonn Rónán sáinnithe idir eatarthu, agus é mar chrann taca ag an mbeirt acu. Oíche thorthaí an Teastais Shóisearaigh, tagann cor cinniúnach ar an saol dóibh go léir.