Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2026 Fógartha

Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair 2026 in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh, ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2026.

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) ar Maith thú a Mhicí, leabhar saibhir scéalta de chuid Micí Sheáin Néill Ó Baoill, foilsithe ag Éabhlóid. Is ar Puisín na mBróg le Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly a bronnadh Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), foilsithe ag Futa Fata, leabhar samhlaíoch greannmhar don óige. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile) ar An Saol Sona, aistriúchán fíorálainn den úrscéal fraincise La vie heureuse le David Foenkinos a bhí aistrithe ag Máirín Ní Mhárta agus foilsithe ag Barzaz.

Is naoi leabhar déag (19) a bhí ainmnithe ar na gearrliostaí i mbliana, rud a léiríonn an oiread tallainne agus cruthaíochta atá beo beathach i saol na scríbhneoireachta Gaeilge an lae inniu. Ba é Uachtarán an Oireachtais, Áine Ní Ghlinn a bhronn na gradaim ar na buaiteoirí agus thug sí ómós don leibhéal doimhneachta, ealaíontachta agus fuinnimh atá le feiceáil in earnáil na scríbhneoireachta Gaeilge.

“Tréaslaím ó chroí le hÉabhlóid, Futa Fata agus Barzaz as na héachtaí atá bainte amach acu i mbliana. Anocht, déanaimid ceiliúradh ní amháin ar na buaiteoirí ach ar gach uile údar, aistritheoir, maisitheoir agus foilsitheoir as an obair iontach atá ar siúl acu ar fad i gcothú agus i bhforbairt ár dtraidisiúin liteartha.”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Is léiriú iad na gradaim seo ar an gcruthaíocht, ar éagsúlacht agus ar an saibhreas atá ar fáil in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair”.

Leanfar leis an gceiliúradh ar bhuaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta le linn Féile Léitheoirí Chill Dara in Leabharlann Nás na Ríogh, Co. Chill Dara ag 19:00 Dé Máirt, 6 Deireadh Fómhair 2026 tráth a mbeidh mórimeacht liteartha na Gaeilge, An Tolg Liteartha, ar siúl. Beidh buaiteoirí na ngradam faoi agallamh ag an sárchraoltóir, Tristan Rosenstock, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh tuilleadh scríbhneoirí Gaeilge, scríbhneoirí úrnua agus údair bhunaithe ina measc, ag fáil aitheantais freisin le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí ón 28 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2026, tráth a mbronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2026. Seo ceann amháin de na himeachtaí atá ar chlár spleodrach fhéile na bliana seo, ag áireamh freisin: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtais taibhealaíne, seimineáir, seoltaí leabhar/dlúthdhiosca, ceardlanna, clubanna na féile, seisiúin eolais agus go leor eile. Tá eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ag www.antoireachtas.ie.