An Post Irish Book Awards 2024 – Buaiteoirí Fógartha

Bhí údar ceiliúrtha ag an teach foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR ag na An Post Irish Book Awards 2024 agus Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana bronnta ar ‘Geansaithe Móra’ le Gearóidín Nic Cárthaigh. Bhí an ócáid mhór bhronnta ar siúl in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath ar an 27 Samhain.

Seo an naoú bliain déag de na An Post Irish Book Awards agus déanann siad ceiliúradh ar agus cuireann siad scríbhneoireacht Éireannach chun cinn i measc an réimse is leithne léitheoirí. Gach bliain, tugann na gradaim aitheantas don chuid is fearr de thallann scríbhneoireachta nua agus seanbhunaithe na hÉireann.

“Tréaslaímid le Gearóidín as an éacht atá bainte amach aici leis an leabhar seo, an chéad leabhar atá scríofa aici,” a dúirt Jennifer Gorissen, Feidhmeannach Foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR.

Is scríbhneoir splancscéalta, gearrscéalta agus dánta í Gearóidín Nic Cárthaigh, buaiteoir an ghradaim i mbliana sa chatagóir Ghaeilge. Tá saothar dá cuid foilsithe in irisí éagsúla ach is é ‘Geansaithe Móra’ an chéad chnuasach óna peann.

Ag labhairt faoin mbua deir Gearóidín gur “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, agus ba mhaith liom i dtús báire buíochas a ghabháil le Clár na Leabhar Gaeilge, le Foras na Gaeilge, leis na moltóirí, leis na daoine a vótáil ar líne, le muintir Iarthar Chorcaí, is le gach duine a thug tacaíocht dom feadh na slí.

Tá buíochas ar leith tuillte ag LeabhairCOMHAR, a bhí ar fheabhas ó thús deireadh: Jennifer Gorissen, Clare Coughlan, is Deirdre Ní Fhloinn, chomh maith leis an meitheal a chabhraigh leis an leabhar a chur i gcló.

Ba mhór an onóir dom bheith ar an ngearrliosta leis na húdair eile, agus tréaslaím a gcuid saothair leo.

Is cúis áthais dom go bhfuil an splancscéal ag teacht chun cinn mar sheánra, agus táim fíor-shásta aitheantas mar seo a fháil don gcnuasach Geansaithe Móra.”

Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach seo, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha agus ghrá, idir uaigneas agus dóchas. Tá an leabhar seo lán le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á bhfáil acu ar an saol.

Sé leabhar ficsin Gaeilge a bhí ar ghearrliosta Gradam Love Leabhar Gaeilge i mbliana atá urraithe ag Foras na Gaeilge. Deir Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge, Seán Ó Coinn “Cuireann Foras na Gaeilge béim ar leith ar scríbhneoireacht na Gaeilge. Tá caighdeán agus éagsúlacht na scríbhneoireachta i nGaeilge ag dul i bhfeabhas bliain i ndiaidh bliana, agus líon na seánraí ag méadú dá réir. Tá Foras na Gaeilge an-sásta a bheith i gcomhpháirtíocht leis An Post le haird a tharraingt ar chuid de na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh in 2024, agus déanaimid comhghairdeas ó chroí le buaiteoir Ghradam Love Leabhar Gaeilge na bliana seo.

Cuireann Love Leabhar Gaeilge leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann i measc léitheoirí, i siopaí leabhar, ar líne agus trí acmhainní agus ócáidí do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i leabhair Ghaeilge.

Aimsigh an scéal is ansa leat!

B’fhéidir go dtaitneoidh siad seo leat freisin...