Sárthaispeántas An Fhómhair Áis
Bhí sár-oíche ann ag Sárthaispeántas an Fhómhair arna reáchtáil ag Áis i nDún Seachlainn, Déardaoin an 14 Lúnasa, an chéad sárthaispeántas faoina gcuid seirbhísí dáileacháin agus corparáideacha.
I measc na n-aíonna speisialta bhí an craoltóir teilifíse agus raidió Sinéad Ní Uallacháin a chuir an oíche i láthair, na húdair Anna Heussaff, Richie Conroy, Caitríona Nic Sheáin, an maisitheoir Andrew Whitson a d’inis scéalta iontacha faoi shaol an scríbhneora, maisitheora agus foilsitheoir chomh maith le Sara Mulryan ó NielsenIQ BookData a roinn go leor pointí suimiúla faoi díolacháin leabhar na hÉireann.
Ar an oíche seoladh Bróisiúr an Fhómhair 2025 de chuid Áis. Sa bhróisiúr seo, gheobhaidh tú léargas ar réimse an-leathan de leabhair Ghaeilge ó sheánraí difriúla atá ar fáil do shiopaí leabhar le hordú ó Áis le haghaidh spriocphobail léitheoireachta éagsúla:
- Leabhair do Pháistí Óga
- Leabhair d’Aosaigh Óga
- Leabhair do Dhaoine Fásta
Chomh maith leis sin, gheobhaidh tú léargas ar go leor leabhair iontacha a thaitneoidh le daoine atá ag foghlaim Gaeilge!
Mar fhocal scoir, tá súil againn go dtaitneoidh na leabhair atá faoi spotsolas don bhróisiúr seo go mór libh:
- Nell agus Joe i dTeach Mhamó arna fhoilsiú ag Picnic Press
- An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn arna fhoilsiú ag Éabhlóid
- Sraith Scott Pilgrim arna fhoilsiú ag Gliadar
- Inis Mara 2 arna fhoilsiú ag LeabhairCOMHAR
- Sadhbh arna fhoilsiú ag Leabhar Breac
- I Muinín i nDúl arna fhoilsiú ag Éabhlóid
Más foilsitheoir leabhar Gaeilge thú, nó má tá tú ag obair i siopa leabhar agus ag iarraidh leabhair Ghaeilge a dhíol, déan teagmháil le Áis anseo: https://www.forasnagaeilge.ie/ais/