Scott Pilgrim

Scott Pilgrim

Cé go bhfuil sé leabhar sa bhunsraith Scott Pilgrim le Bryan Lee O’Malley, tá ábhar na leabhar sin curtha le chéile i dtrí leabhar sa leagan Gaeilge seo atá aistrithe go Gaeilge ag Seanán Ó Coistín. Bhí an-tóir ar na leabhair ghrafaice ó foilsíodh iad idir 2004 agus 2010, ach cuireadh aithne níos fearr arís ar an scéal i 2010 nuair a eisíodh an scannán Scott Pilgrim vs. The World.

Tá an-chion ag léitheoirí ar an laoch Scott Pilgrim agus ar an ngreann agus an bheocht a bhaineann leis. Tá Scott ina chónaí i Toronto, Ceanada agus ag tús na sraithe tá sé i gcaidreamh le cailín darb ainm Knives Chau. Ach nuair a chuireann sé aithne ar chailín eile, Ramona Flowers, tugann sí a chroí léi. An fhadhb mhór atá le sárú ag Scott ná go bhfuil iarleannáin Ramona in éad le Scott agus caithfidh sé iad a throid, duine ar dhuine, agus an lámh in uachtar a fháil orthu chun siúl amach le Ramona. Chun cúrsaí a dhéanamh níos measa, tá seachtar iarleannáin ann!

Trí leabhar móra atá sa tsraith Ghaeilge seo: sa chéad leabhar ar ndóigh cuirimid aithne ar Scott Pilgrim agus Ramona Flowers agus déanann Scott iarracht an bheirt Matthew Patel agus Lucas Lee a threascairt. Sa dara leabhar tugann Scott faoi Envy Adams agus Roxy Richter a bhualadh. Sa tríú leabhar tá dualgas air troid in aghaidh an chúpla Ken agus Kyle Katayanagi agus an t-iarstócach olc deireanach Gideon Graves.

Tá spiorad, luas agus stíl faoi leith ní hamháin sa scríbhneoireacht ach sna híomhánna agus tá an bheocht sin coinnithe go dílis ag Ó Coistín san aistriúcháin Gaeilge agus ag an ealaíontóir Katelyn McKenna a rinne athdhearadh ar na focail agus ag Brian Mac Giolla Mhuire, an cló-eagarthóir.

Ní haon rud éasca é an chaint neamhfhoirmiúil, nua-aimseartha agus na huaillbhreasa ar fad a aistriú go cruinn agus go héifeachtach go Gaeilge ach tá sin bainte amach anseo. Tá an greann a bhaineann leis an scéal grá neamhghnách seo fós ann agus teacht in inmhe Scott léirithe go nádúrtha. Tá na comhráite idir é féin agus a chairde agus a naimhde inchreidte agus léann an scéal seo chomh maith céanna i nGaeilge agus mar a léann sé i mBéarla.

Léirmheasanna Iontacha Eile