Sa Pholl Báite

Sa Pholl Báite

Seo an cheathrú úrscéal bleachtaireachta sa tsraith le hAnna Heussaff ina mbuailimid leis an mbeirt phríomhcharacthair Aoife Nic Dhiarmada agus an Garda Réamonn Seoighe. Tagann sé sna sála ar Bás Tobann (2004), Buille Marfach (2010) agus Scáil an Phríosúin (2015). Cé go mbaineann na scéalta seo ar fad leis an mbeirt chéanna, d’fhéadfá iad a léamh go haonarach. Ní hamháin go bhfuil an bheirt chéanna iontu, ach tá siad ar fad lonnaithe idir Bhaile Átha Cliath agus Iarthar Chorcaí.

Ag tús an scéil seo, faighimid amach go bhfuil an bhean mheánaosta Emer Uí Ghríofa ar iarraidh. Nuair a fhaightear a corp báite ar bhruach an Life, tá a mac Dan cráite ar fad. Tá a fear céile Colmán Ó Gríofa, ónar scar sí roinnt blianta ó shin, ina chónaí anois ar leithnis Bhéarra, gar don iar-iriseoir Aoife Nic Dhiarmada a thosaíonn ag déanamh a cuid taighde neamhfhoirmiúil féin chun cabhrú leis an bhfiosrúcháin. Tá an Garda Seoighe i mbun fiosrúcháin i mBaile Átha Cliath faoi chúinsí an bháis agus ag iarraidh oibriú amach an dúnmharú, féinmharú nó timpiste a bhí ann.

Téann an scéal ansin idir Réamonn Seoighe agus Aoife Nic Dhiarmada agus de réir a chéile cuirtear na píosaí den mhíreanna mearaí le chéile. Buailimid le go leor focharachtair eile sa scéal agus tá amhras futhú ar fad agus an baint a bhí acu le bás Emer. Tá comhartha ceiste faoi go leor daoine sa scéal seo a choinníonn an léitheoir ag smaoineamh agus ag machnamh faoi chúinsí báis na mná.

Chomh maith leis an bpríomhscéal bleachtaireachta, clúdaítear go leor téamaí eile lasmuigh de sin ar nós bulaíocht san ionad oibre, imreas tí, smacht comhéigneach agus caidrimh phearsanta. Sníomhtar isteach téamaí domhanda atá ábhartha freisin ar nós daoine gan dídean agus cúinsí maireachtála sa phríomhchathair, rud a chuireann le comhaimsearthacht an scéil seo.

Tá scil faoi leith ag Anna Heussaff ag cruthú domhain sochreidte, agus is léir ón gcur síos ar na mionáiteanna idir an dá láthair go bhfuil cur amach maith aici ar na háiteanna sin. Cuireann seo go mór leis an eispéaras léitheoireachta agus inchreidteacht an scéil. Déantar forbairt maith ar na carachtair agus de réir a chéile nochtar fíor-spreagadh na gcarachtar.
Tá gluaiseacht maith ann agus teannas tríd ar fad ag réiteach do chríoch sásúil. Taitneoidh an scéal dea-scríofa seo le daoine ar maith leo scéalta bleachtaireachta

Léirmheasanna Iontacha Eile