Meidéa

Meidéa

Seo aistriúchán ar an dráma tragóideach Gréagach aitheanta Medea leis an drámadóir Eoiripidéas. Tá sé aistrithe go Gaeilge ag Simon Ó Faoláin le léaráidí ón maisitheoir Dómhnal Ó Bric agus foilsithe ag Coiscéim.

Cuireadh an dráma Meidéa i láthair den chéad uair sa bhliain 431RC mar chuid de thríológ agus cé nár mhair an dá dhráma eile sa tríológ, is é Meidéa an dráma tragóide is mó a stáitsítear sa bhfichiú aois. Tá sé bunaithe ar mhiotas a dhíríonn ar Meidéa, iar-bhanphrionsa sa ríocht Colchis agus a fear céile Iasón. Nuair a fhágann Iasón Meidéa chun bean eile a phósadh, téann Meidéa ar tóir díoltas a fháil air. Ní hamháin go maraíonn sí a bhean céile nua ach maraíonn sí a beirt mhac féin sula bhfágann sí i gcomhair Cathair na hAithne.

Ag tús an leabhair tá réamhrá cuimsitheach agus thar a bheith suimiúil scríofa ag an aistritheoir, Simon Ó Faoláin, ina dtugann sé cúlra don dráma. Míníonn sé don léitheoir faoi dhrámaíocht thragóideach na Gréige, faoi Eoiripidéas agus a chomhdhrámadóirí, faoin dráma áirithe seo ‘Meidéa’, agus conas mar a thug sé faoin aistriúcháin. Míníonn sé an chlisteacht a bhaineann le scríbhneoireacht Eoiripidéas sa chaoi is go ndéanann an léitheoir comhbhá le Meidéa ar dtús, sula bhfaigheann siad amach faoin ngníomh uafásach a dhéanann sí. Is beag nach mbíonn an léitheoir ag taobhú léi ag tús an scéil mar go bhfeicimid na rudaí a spreag an fhearg inti.

Is cinnte go dtarraingíonn Meidéa go leor trua agus comhbhá ón gCór de Mhná Choirint sa dráma freisin agus faigheann sí cluas éisteachta ó Chríon, Rí na Coirinte, a thugann cead di fanacht lá amháin eile. Tugann seo a dhóthain ama di a plean a bhaint amach chun Glauce, bean chéile Iasón, a mharú. Faoin am atá a plean bainte amach aici tá Glauce agus a hathair marbh, chomh maith le beirt mhac Mheidéa féin. Nuair a fhilleann Iasón, feiceann sé Meidéa ag eitilt léi ina carbad lena beirt mhac mharbh.

Scéal díoltais is ea é seo, ach scéal a bhí comhaimseartha ag an am mar gur léirigh sé dearcadh na mban. Tá spás lárnach tugtha do Mheidéa sa scéal seo agus is ar éigin go bhfágann sí an stáitse. In óráid mhór fhada amháin ina dhéanann Meidéa cás na mban, deir sí ‘idir gach neach beo abhus a tharraingíonn anáil, is sinne – mná – na hainniseoirí is boichte cás.’ Cuireann sí cás na mban i gcomparáid leis na fir go láidir: ‘b’fhearr liomsa seasamh sa bheana baol i gcath trí huaire ná leanbh a thabhairt ar an saol aon uair amháin!’. Tá na ráitis thar a bheith cumhachtach i nGaeilge: ‘ach nuair a ghointear a croí i gcúrsaí grá níl aon neach chomh marfach le bean.’ Is cinnte go raibh Eoiripidéas roimh a am agus é ag léiriú luath-fheimineachas.

Tá casadh úr, nua-aimseartha curtha ar scéal clasaiceach ag Ó Faoláin agus léann sé go nádúrtha agus go cruinn i nGaeilge. Deir Ó Faoláin go bhfuil ceangail ann idir béaloideas na hÉireann agus béaloideas na Gréige sa mhéid is go bhfuil na nithe céanna iontu: plé, díospóireacht, crua-chaint, gearr-aighneas. Feictear dó gurb é an tábhacht a bhaineann le na tragóidí agus dráma sean-Ghréigeach seo a aistriú go Gaeilge ná ‘Gníomh creidimh i neart, teacht aniar agus todhchaí na Gaeilge é clasaicí móra an domhain a thabhairt isteach sa teanga’.

Is iontach mealltach iad léaráidí Dhómhnal Ó Bric agus cuireann siad go mór leis an eispéaras léitheoireachta. Tá pailéad dathanna múchta idir dubh, bán agus liath thar a bheith éifeachtach. Tá an léaráid thar dhá leathanach ag an tús lán d’aicsean, gluaiseacht agus carachtair – féachann sé ar nós taipéis a bhíodh ann fadó. I gcomparáid leis seo, léiríonn an léaráid ag an deireadh tírdhreach lom, gortach tar éis na tragóide.

Is iontach an rud é go bhfuil a leithéid de mhórdhrámaí na Gréige anois ar fáil i nGaeilge, ní hamháin do léitheoirí ach do dhrámadóirí agus aisteoirí araon.

Léirmheasanna Iontacha Eile