Léirmheas le: Úna Ní Chárthaigh
Mí Lúnasa 1936 agus tá cogadh cathartha ar siúl sa Spáinn, áit a bhfuil buachaill óg Alejo (14) ag cur faoi lena chlann. Tá orthu teitheadh óna mbaile dúchais chun tearmann a fháil ó fhórsaí Franco atá tar éis tacaíocht a fháil ó Mhussolini agus Hitler. Ó thús an aistir, tá siad buailte ag gach saghas cruachás agus cuirimid aithne mhaith ar Alejo agus ar a phearsantacht chróga le linn an ama seo.
Tá an saol sa Spáinn ina chíor thuathail idir an faisisteachas, an cumannachas, an foréigean agus an t-ár. Is maith a thuigeann Alejo go gcaithfidh sé snámh leis an eas chun a shaol a chosaint i measc na hanachaine ar fad. Mar sin, is minic atá air rudaí a dhéanamh in aghaidh a thola: ag glacadh le gunna go drogallach, ag máirseáil leis na Faisistithe nuair nach gcreideann sé ann. Gabhtar é den chéad uair ag grúpa na Faisistithe nuair a aithníonn buachaill óg sa ghrúpa, Ignacio, é óna bhaile dúchais. Le linn an ama seo faigheann sé traenáil mar shaighdiúir agus nochtar uafáis agus foréigean an chogaidh go lom don léitheoir.
Faighimid léargas thar a bheith spéisiúil ar an ré dhorcha seo sa Spáinn trí pheirspictíocht Alejo. Turas mearbhlach atá ann dó agus é ag déanamh a bhealach ón Spáinn i dtreo na Rúise. Is iomaí cor atá sa scéal agus gabhtar é ag grúpa poblachtaigh freisin. Tugtar blúiríní eolais dúinn maidir le staid pholaitíochta na tíre le linn an ama seo, mar shampla luaitear i lár an turais gur thit an rialtas i Maidrid agus gur ghabh fórsaí Franco an phríomhchathair. Téann Alejo ó na trinsí chuig an ospidéal, áit a gcuireann sé athaithne ar Ignacio agus éalaíonn siad arís, agus sa deireadh buaileann sé le grúpa Giúdaigh.
Is beag rogha atá ag Alejo ag aon am sa scéal seo, ach sa deireadh tá léaró dóchais ann nuair a bhuaileann sé leis an ngrúpa seo atá ag lorg tearmainn. Tá siad tar éis cloisteáil faoi oileán sa Chairib a chuireann fáilte roimh Ghiúdaigh agus tugann Alejo faoi bhád a thógáil agus dul leo ar thuras uaillmhianach.
Is leabhar coscrach agus tábhachtach é Deargadh Anoir, agus thar a bheith ábhartha sa lá atá inniu ann, faraor. Tá an fhulaingt go láidir tríd an scéal: an bhochtaineacht agus an t-ocras, marú agus foréigean. Ach sa deireadh, fágtar sinn le rian an dóchais. Déanann Alejo agus a ghrúpa nua pleananna chun feirm agus siopa a chur ar bun ar an oileán seo. Tá siad ag brionglóid faoi ‘tránna geala, an spéir ghorm, páirceanna glasa’. In ainneoin an chruacháis, ní chailleann Alejo a mhisneach riamh agus is mór an spreagadh é sin.
Cláraigh dár nuachtlitir don nuacht is déanaí ar leabhair Ghaeilge, imeachtaí, acmhainní agus feachtais.