Idir an Dá Fhearsaid

Idir an Dá Fhearsaid

Cé go bhfuil Róise Ní Bhaoill ag scríobh na filíochta le fada an lá, seo an chéad chnuasach filíochta atá foilsithe aici. Is cnuasach toirtiúil é le níos mó ná trí scór dán ann. Is scríbhneoir iomráiteach agus cumasach í Róise agus chroch sí léi an Gradam An Post don leabhar Gaeilge is fearr i 2023 dá leabhar Imram agus Scéalta Eile. Is iad Rann na Feirste agus Béal Feirste an Dá Fhearsaid atá i gceist sa teideal: áit dhúchais an fhile agus an áit ina bhfuil sí ag cur fúithí le breis agus fiche bliain anuas. Is cinnte go bhfuil tionchar mór ag an dá áit sin ar an bhfilíocht sa chnuasach seo, ach pléitear go leor téamaí eile.

Sa bhrollach scríofa ag Máirin Nic Eoin, déanann sí cur síos ar na téamaí a phléann Róise sa bhailiúcháin seo, ina measc cuimhní óige, tóraíocht na saoirse, an t-ómós áite, cás na dteifeach, an comhshaol, coimhlint agus foréigean pholaitiúil i mBéal Feirste, bás agus dólás, fulaingt na mban, timpeallacht agus dúlra, andúil i ndrugaí. Cuireann na dánta ag machnamh sinn mar a luann Máirín: “Is fiosracht agus intleacht agus creideamh i dteacht aniar an duine agus i gcumhacht na healaíne a shamhlaítear le cuid filíochta Róise Ní Bhaoill. Tugtar cuireadh chun machnaimh dúinn, cuirtear friotal ar ábhair ár n-imní, agus cruthaítear íomhánna láidre a fhanann sa chuimhne.”

Cíorann Róise an caoi inar chuir na Trioblóidí isteach ar dhaoine agus déanann sí cur síos éifeachtach, cumhachtach ar úafás na dtrioblóidí i ndánta ar nós Confadh Feola agus Muince Mhiotail. Sa dán Bliain Chorrach luann sí an t-ár a bhain leis na Trioblóidí: “Domhnach na Fola ar a tús agus Aoine na Fola ina lár, tá thar na ceithre chéid marbh agus thar na ceithre mhíle leonta.”

Pléann sí an t-imirce a chuir isteach ar dhaoine óga na n-ochtóidí ina leithéid de dhánta ar nós Idir Dhá dTír agus í ag rá “agus ó chuaigh tú go Londain Shasana, ní fada tú ó Kilburn, Cricklewood ná Camden, agus sheol tú agus do threibh puntaí ‘na bhaile a chuir bun faoin Stát.”

Tá an dúchas agus ómós áite go smior sa bhfilíocht agus í ag déanamh taifid ar na háiteanna agus ar na logainmneacha a bheadh caillte mura n-ainmnítear iad. Seasann an dán An Baile amach don ómós áite agus é ar nós óid fhada ina n-ainmníonn an file logainmneacha a háite dúchais: Béal Uaighe, Cloch Stucach, Tobar a’ Ghleanna, Ard na bhFaoileog, Gaoth na Bráda agus Gaoth Dobhair ag cur clabhsúr grámhar leis “is tá mo chroí in áit chónaithe”. Tá ómós ann don nádúr freisin agus is minic a luann Róise an timpeallacht, an tírdhreach agus na héin agus dánta le teidil ar nós Saoirse an Éin, An Dreoilín agus An Traonach.

Tá saibhreas teangan den scoth ann agus faighimid dearcadh an fhile ar an saol. Tá sí thar a bheith eacnamíoch in úsáid na bhfocal agus éiríonn léi go leor a rá i mbeagán focal, mar shampla sa dán Guím Codladh “guím sos, nó is ríléir, nach eol dóibh, nach ann duit.” Tá foclaíocht shnasta le braith tríd na dánta ar fad agus féith an cheoil iontu chomh maith mar shampla in An Dreoilín: “measaim go gcluinim go fóill beo-lúcháir do phortaireachta”. Is iomaí dán atá scríofa sa dara pearsa aici, rud a tharraingíonn isteach sna dánta muid, a chuireann muid ag smaoineamh, a chuireann ceisteanna díreacha orainn machnamh a dhéanamh ar na téamaí atá á bplé ag an bhfile. Cuireann sí meascán de theicnící fileata i bhfeidhm ar nós íoróin, éagsúlacht foirme agus stíle, atmaisféar bagrach, íomhánna lom agus meafar. Tá cumas scríbhneoireachta an fhile ar taispeáint sa bhailiúcháin seo, cinnte.

Mar is iondúil do fhoilseacháin ó Éabhlóid, tá cuma álainn snasta ar an leabhar féin: leabhar beag le clúdach crua agus ribínmharc gorm geal. Tá dath dúghorm ar an gclúdach féin leis an teideal i mbándearg agus pictiúr leis an ealaíontóir Kim Sharkey a léiríonn dhá phíosa talún (an dá fhearsaid b’fhéidir?), coinín, rón agus éan. Tá léaráidí beaga dubh agus bán i dteannta na ndánta freisin a chuireann go mór leis an gcuma iomlán.

Cé go bpléitear go leor téamaí atá saghas dáiríre agus trom, tabharfaidh an cnuasach seo lón machnaimh duit. Cuirfidh na téamaí ag machnamh thú agus gríosfaidh an saibhreas teanga agus na híomhánna do shamhlaíocht is d’inchinn.

Léirmheasanna Iontacha Eile