Heartstopper

Heartstopper

Foilsíodh an t-úrscéal grafach seo faoi scéal grá LADTA+ den chéad uair i 2019 agus tá sé aistrithe go 36 teanga ó shin, an Ghaeilge anois san áireamh. Futa Fata a d’fhoilsigh an leagan Gaeilge atá aistrithe ag Eoin McEvoy. Tá an-tóir ar an tsraith shárdhíola seo, go háirithe ó cuireadh é ar an scáileán ar Netflix i mí Aibreán 2022, mar sin is iontach an rud é go bhfuil sé ar fáil anois do Ghaeil na cruinne.

Seo an chéad leabhar sa tsraith Heartstopper ina bhfuil cúig leabhar anois ann. Díríonn sé ar bheirt bhuachaillí, Charlie Spring agus Nick Nelson, atá sa mheánscoil chéanna ach nár bhuail lena chéile riamh. Cuireann siad aithne ar a chéile nuair a chuirtear sa ghrúpa teagaisc chéanna iad agus ón gcéad nóiméad, tá splanc an ghrá ann. Titeann Charlie do Nick ach ní chreideann sé go bhfuil seans ar bith aige nó gur amhlaidh mothúcháin Nick, ach ní mar a shíltear a bhítear. Cuireann siad bunchloch lena gcaidreamh mar chairde ach de réir a chéile, forbraíonn caidreamh rómánsúil eatarthu. Ach ní bhíonn bóthar ann gan casadh agus pléann an leabhar seo na gnéithe níos tromchúisí sa saol ar nós piarbhrú, toil agus easpa tola, brú gnéasach agus collaíocht freisin.

Is scéal iontach é seo do dhéagóirí agus daoine óga mar go léiríonn sé an saol díreach ar nós an saol mar atá. Seachas scéalta móra le castaí agus dráma ann, léiríonn Heartstopper na nithe beaga, na comhtharluithe éagsúla, na scéalta bídeacha a tharlaíonn sa saol laethúil a thugann le chéile muid. Cuirtear an-bhéim sna léaráidí agus sa chomhrá ar an duine, ar mhothúcháin agus smaointe an duine, comhráite inmheánacha agus is tríd seo a chuirimid aithne cheart ar Nick agus Charlie. Tá sé éasca ceangal a dhéanamh leis na carachtair atá cosúil lenár gcairde féin, ní hamháin an bheirt phríomhcharachtair ach na fo-charachtair freisin.

Leis an úrscéal grafach, níl aon leathanach mar an gcéanna agus tá meascán deas idir na grafaicí ar fad a choinníonn suim an léitheora tríd. Cuirtear an scéal i láthair trí bholgáin chainte agus grafaicí agus úsáidtear an fón póca, téacsanna agus seat scáileáin ón idirlíon chun comhráite a léiriú ar bhealaí difriúla freisin.

Seo an chéad leabhar do dhéagóirí atá foilsithe ag Futa Fata agus tá sárjab déanta acu agus ag Eoin McEvoy leis an aistriúchán. D’éirigh leis tuin agus luas an scéil a choinneáil gar do stíl Alice Oseman agus dílis don bhunleagan gan baint den chaighdeán Gaeilge. Tá an teanga chomh comhaimseartha céanna sa Ghaeilge agus atá sa Bhéarla agus ní luíonn sé le canúint faoi leith ach le Gaeilge atá caighdeánach agus comhchoiteann. Léann na comhráite go han-nádúrtha agus roghnaíodh focail áille do na geáitsí agus mionghluaiseachtaí atá comhchiallach le húrscéalta grafacha: “boiseog”, “luisne”, “smaoisíl” (sniff) agus na fuaimeanna beaga “plab”, “cnead”, “puth” mar shampla.

Ag caint faoin tsraith seo, dúirt an t-údar Alice Oseman gur ag iarraidh dóchas a spreagadh i ndaoine óga aiteacha a bhí sí agus a chur ina luí orthu gur féidir leo saol a bheith acu atá lán grá agus lán cairdis. Is féidir a rá gur éirigh léi sin a dhéanamh agus is iontach agus is tábhachtach an rud é go bhfuil scéal ina léirítear an grá LADTA+ ar fáil anois don phobal Gaeilge.

Léirmheasanna Iontacha Eile