Gealach agus Grian

Gealach agus Grian

Tá deartháir agus deirfiúr óg, Sol agus Luna, ag dul a chodladh ach tá fadhb amháin – ní féidir leo aontú ar leabhar le léamh! Isteach le Mamaí le réiteach agus insíonn sí scéal dóibh faoi bheirt eile le pearsantachtaí atá an-difriúil ar fad; an Ghealach agus an Ghrian.

Tá téama an chairdis go láidir sa scéal gleoite seo agus feicimid cad a tharlaíonn nuair nach réitíonn daoine le chéile. Tá an Ghealach ciúin, socair agus néata agus tá an ghrian glórach, fuinniúil agus mínéata. An buille marfach ná nuair atá an ghealach ina codladh agus tosaíonn an ghrian ag déanamh clampair – tá an ghealach i ndeireadh na feide agus bailíonn sí léi chun a spás féin a fháil. Cuardaíonn sí i ngach áit ó na sléibhte go dtí an dufair, ach ní bhraitheann aon áit i gceart. Tar éis cuardach fada, tá sí an-sásta nuair a bhuaileann sí le Grian arís. Labhraíonn siad le chéile chun teacht ar réiteach agus ar spás atá cuí don bheirt acu.

Léiríonn an scéal laistigh den scéal seo an tábhacht a bhaineann le do spás féin a bheith agat agus tábhacht an chairdis inár saol. Scríobhann Muireann le stíl atá croíúil, grámhar agus tarraingteach. Tá an Ghaeilge éasca le tuiscint agus comhráite úsáidte go héifeachtach. Is téama thar a bheith ábhartha é seo freisin do pháistí óga ag foghlaim faoi chairdeas, easaontas agus fadhbanna a réiteach.

Tá léaráidí áille curtha leis an leabhar ag Brian Fitzgerald. Tá na dathanna teo don Ghrian agus an gorm agus dúghorm don Ghealach an-sásúil agus rudaí beaga sna pictiúir le sonrú freisin a mbainfidh páistí an-sásamh go deo astu. Mar shampla, an féidir leo an Ghrian a aimsiú i ngach pictiúr fad is atá an Ghealach ar a turas aonarach?

Is scéal corraitheach, greannmhar agus ábhartha é seo ní hamháin don am codlata ach i rith an lae freisin!

Léirmheasanna Iontacha Eile