Deirdre

Deirdre

Is iomaí leagan atá cloiste nó léite againn den scéal Ruraíochta seo, Deirdre agus Chlann Uisnigh, ach den chuid is mó is ar pháistí a bhí na leaganacha sin dírithe. Seo chugainn anois an scríbhneoir agus foilsitheoir aitheanta Darach Ó Scolaí le leagan úr dírithe ar an léitheoir fásta agus é ag cur a chasadh féin ar an leagan is sine de bhunscéal Loingeas Mhac Uisnigh.

Sa leabhar seo, tugtar cúlra agus comhthéacs don léitheoir atá an-tábhachtach agus b’fhéidir nach mbeadh ar eolas ag gach duine agus is maith an rud é gur chuir an t-údar san áireamh iad. Mar shampla, cuirtear in iúl dúinn go raibh aighneas idir Fearghas agus Conchúr, rud atá tábhachtach sa dara cuid den scéal. Chomh maith leis sin, faighimid amach faoi chúlra Dheirdre ag tús an leabhair. Buailimid lena máthair, bean chéile Fheilimí Mac Daill, atá “trom torrach” agus í ag freastal ar an slua atá bailithe d’fhleá ag an teach. Nuair a chloistear scréach an linbh ina broinn, cuireann bean feasa a lámh ar bhroinn na mná agus déanann sí drochthuar: “Deirdre a bheas mar ainm uirthi agus leanfaidh olc di.”

Mar sin, cruthaítear atmaisféar atá bagrach ó thús an leabhair agus ní bhíonn an léitheoir ar a suaimhneas riamh faoi cad atá le teacht ach a bheith cinnte go mbeidh rudaí dorcha i ndán do Dheirdre amach anseo. Nuair a thagann Deirdre ar an saol, tá na hUltaigh ag iarraidh í a mharú mar gheall ar an drochthuar seo, ach tá an rí Conchúr ag iarraidh í a phósadh. Cuirtear í ar an iargúil ach sula sroicheann sí aois an phósta, deir sí go bhfuil sí ag iarraidh fear a phósadh le “gile an tseachta ar a chneas, duibhe an fhéich ar a fholt, agus deirge na fola ar a ghrua”. Deir bean feasa Leabharcham léi gurb é Naoise Mac Uisnigh an fear úd. Buaileann Deirdre agus Naoise le chéile nuair atá Deirdre ar tí Conchúr a phósadh agus titeann siad i ngrá láithreach.

Tá gluaiseacht agus beocht iontach san athinsint seo agus cuirtear go mór leis sin tríd an gcomhrá agus caint idir Deirdre, Naoise agus a bheirt deartháireacha agus iad ag teitheadh go hAlbain. Cuirtear fáilte rompu ar dtús ach bíonn orthu teitheadh arís chuig Oileán Mhanainn. Ar ndóigh, níl an rí Conchúr sásta glacadh lena leithéid d’iompar agus tá sé ar tóir díoltas a fháil. Cuireann sé Fearghas chomh fada le Naoise agus Deirdre chun téarmaí síochána a dhéanamh leo. Agus Fearghas ag iarraidh iad a mhealladh ar ais, tá níos mó céille ag Deirdre agus í amhrasach faoin méid atá á rá aige. Ach nuair a chuireann sí a neamhchinnteacht in iúl do Naoise agus dá dheartháireacha, tugtar cluas bhodhar di. Déantar forbairt iontach ar na carachtair sa leabhar seo, agus ar an mbean láidir Deirdre ach go háirithe. Tá saibhreas teanga iontach tríd an téacs ar fad agus tá véarsaí filíochta fite fuaite sa téacs atá chomh hálainn lena chéile ach seasann an laoi a deir Deirdre agus iad ag fágáil na hAlban amach mar bhuaicphointe sa véarsaíocht.

Tá friotal agus Gaeilge den scoth sa leabhar agus is iontach fileata an cur síos ar rudaí áirithe mar shampla, an cur síos ar an gcéad bhliain a bhí Conchúr ina rí ar Chúige Uladh “bhí teas i ngréin, iasc in inbhear, meas ar craobh, agus rath mór ar an gcúige dá réir”.

Tá macalla ón tSean-Ghaeilge ann ó thaobh foclóra de agus fantar dílis le stíl scéalaíocht na Ruraíochta freisin maidir le siombail agus téamaí – tá téama an bháis, téama an ghrá agus téama an díoltais le brath ann.

Is athinsint úr den chéad scoth é seo agus tá an leabhar speisialta ní hamháin mar gheall ar an scéalaíocht snasta atá ann, ach mar gheall gur pictiúrleabhar é freisin le maisiú draíochtúil ann. Tá léaráidí áille déanta ag an ealaíontóir Anastasia Melnykova a chuireann go mór le hatmaisféar an leabhair agus leis an eispéireas léitheoireachta. Ón gclúdach a thaispeánann máthair Deirdre ag an bhfleá agus í torrach, chuig íomhá chumhachtach den lao maraithe agus fiach dubh ag ól na fola, is cinnte go mbeidh aon léitheoir tumtha go huile is go hiomlán sa leabhar seo.

Léirmheasanna Iontacha Eile