Seo athchló ón bhfoilsitheoir Éabhlóid ar an mbunleagan den leabhar a cuireadh i gcló i 1929. Is bailiúchán deich ngearrscéal é leis an údar Seosamh Mac Grianna (1900-1990). Ba é An Grá agus an Ghruaim an dara cnuasach le Mac Grianna agus meastar fós gurb é ceann de mhórshaothair phróis na Gaeilge é. Ba as Rann na Feirste i nDún na nGall do Sheosamh agus le linn a shaoil scríobh sé go leor idir gearrscéalta, ailt, obair aistriúcháin, aistí agus úrscéalta.
Ba cheannródaí é Mac Grianna agus é ag tabhairt faoin litríocht sa Ghaeilge, nuair a scríobh sé an bailiúchán seo agus é fós sna fichidí ní raibh an stát nua ach ina thús agus ba rud iomlán úr é nua-litríocht na Gaeilge.
Is iontach an chuma atá ar an leabhar seo leis an gclúdach crua dubh agus feicimid ealaín bunaithe ar bhunobair ealaíne a rinne Austin Ó Maolaoid don chéad eagrán déanta go snasta le scragall óir ag Caomhán Ó Scolaí. Tá réamhrá scríofa ag an Ollamh Fionntán de Brún ag an tús. Léiríonn an bailiúchán seo obair Mhic Grianna agus é ag teacht in inmhe, ag tosú amach leis an scríbhneoireacht. Deir de Brún ‘maidir leis an chnuasach gearrscéalta seo, An Grá agus an Ghruaim, a foilsíodh den chéad uair in 1929, d’fhéadfaí a rá faoi gur ag teacht chun béil a bhí an Griannach ann.’
San eagrán úr seo, atá cóirithe ag Eoghan Mac Giolla Bhríde, tugtar an litriú suas chun dáta le tús áite tugtha den fhoghraíocht. Tá an scéal “An Bhean Lán de Stuaim” curtha ar ais sa bhailiúchán agus an scéal “Bíonn Súil le Muir ach ní Bhíonn Súil le hUaigh” fágtha istigh.
D’fhás Mac Grianna aníos leis an traidisiún béil agus an-suim ag a thuismitheoirí sa scéalaíocht. Feicimid rian traidisiúin na scéalta béaloidis sa bhailiúchán seo i scéalta ar nós Taisce an Úcaire ina socraíonn Conall Garbh taisce ór a thochailt atá cosanta ag nathair nimhe. B’fhéidir go n-aithneodh léitheoirí an scéal Ar an Tráigh Fhoilimh ón gcuraclam scoile – scéal nótáilte é lonnaithe le linn an Ghorta Mhóir sa bhliain 1847. Cruthaítear an ghruaim atá luaite sa teideal go héifeachtach ann agus é bunaithe ar fhíorscéal.
Léirítear seantraidisiúnta na hÉireann sna scéalta agus tugtar siar muid chuig na 1820idí i bPíosa na nDeich bPighinn nuair a bhuailimid le Beití, seanbhean ag obair go dian in iomaire prátaí ag iarraidh fiacha a dearthár a ghlanadh. Tá teannas iontach cruthaithe sa scéal Slóite na bhFiann le Dargán agus Nuala ag fanacht go bhfillfidh a mac Liam ar ais tar éis dó a bheith ag teitheadh ó shaighdiúirí.
Is cinnte go bhfuil meascán den ghrá agus den ghruaim sna scéalta seo agus tugann an t-eagrán úr seans do léitheoirí nua a bheith meallta ina leith agus tugann sé cuireadh d’iar-léitheoirí filleadh ar na scéalta arís. Is cinnte go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach samplaí den chéad nua-litríocht sa Ghaeilge a chaomhnú.
Cláraigh dár nuachtlitir mhíosúil don nuacht is déanaí