Ag Buzzáil sa Ghairdín

Ag Buzzáil sa Ghairdín

Beidh páistí óga ag ‘buzzáil’ iad féin tar éis dóibh an leabhar álainn, bríomhar, tarraingteach seo a léamh! Téimid ar thuras timpeall an gháirdín le Billí Beach, an bheach is gnóthaí sa tír agus é ag taisteal ó bhláth go bláth ag bailiú neachtair chun tabhairt chuig an gcoirceog meala.

Tá gluais áisiúil ag tús agus deireadh an leabhair a thaispeánann na bláthanna ar fad a bheidh luaite sa scéal cosúil leis an nóinín, Lus an Chromchinn agus Lus na mBan Sí. Ón gcéad leathanach, tá léitheoirí tarraingthe isteach sa scéal seo ag scríbhneoireacht shnasta Áine Ní Ghlinn agus tá sé scríofa le rithim agus rím sa chaoi is go bhfuaimníonn sé cosúil le hamhráin nó ‘rap’.

‘Is mise Billí Beach,
Billí Beach, Bill,
Is maith liom neachtar,
Is maith liom mil.’

Ansin, tá fuadar fúinn agus muid ag leanúint Billí ó bhláth go bláth agus ní hamháin go bhfoghlaimímid faoi na bláthanna difriúla ar fad ach déantar ceangal lenár gcéadfaí nuair a léimid faoi bholadh, blas, na fuaimeanna agus na dathanna.

Tá iliomaid pointí foghlama sa leabhar seo do pháistí óga ó phróiséas na meala go ainmneacha na mbláthanna go liostáil dathanna. Tugann sé cuireadh do pháistí páirt a ghlacadh go hidirghníomhach sa léitheoireacht idir an ‘bzzz bzzz bzzz’ a rá agus méar a leagan ar na dathanna nuair a liostáiltear iad.
Tá léaráidí an mhaisitheora, Mr Ando, iontach oiriúnach don téacs agus é lándaite le línte tiubhe dubha a chuireann go mór le stíl an leabhair. Tá nithe beaga rúnda tríd an leabhar agus athraíonn dath na spéire ó lá go oíche agus ar ais go lá agus Billí ‘ag obair ó mhaidin go hoíche’. Beidh daoine lena gcroí istigh sa dúlra sásta freisin go bhfuil sé cruinn agus Billí ag caint faoina ‘cheithre sciathán’!

Tá an leabhar seo iontach don léitheoir óg agus mar áis ranga agus múinteoirí ag plé beacha, mil agus bláthanna. Geallaim duit go mbeidh na focail ag guairdeall ar do chloigeann tar éis duit é a léamh!

Léirmheasanna Iontacha Eile