Bronnadh 2,500 leabhar Gaeilge ar 50 bunscoil i 21 contae ar fud an oileáin a bhuíochas le tionscadal comhpháirtíochta idir Leabhair Pháistí Éireann agus Foras na Gaeilge
Agus daltaí ag socrú isteach sa scoilbhliain nua, seoladh tionscnamh bronnta leabhair faoi choimirce an charthanais náisiúnta Leabhair Pháistí Éireann agus Foras na Gaeilge chun grá a chothú do leabhair i nGaeilge i measc ár léitheoirí óga ar fud oileán na hÉireann.

Tríd an gcomhpháirtíocht seo, a fhaigheann tacaíocht ón tionscnamh Love Leabhar Gaeilge, táimid ag féachaint chuige go mbeidh rochtain ag na céadta páistí ar rogha shaibhir agus chomhaimseartha leabhar ó ealaíontóirí Éireannacha. Trí chaoga leabhar nua Gaeilge a bhronnadh ar chaoga gaelscoil ionas go bhfaighidh daltaí in aon chontae is fiche bailiúchán ardchaighdeáin de leabhair úrnua dá leabharlann scoile.
Léirigh taighde le déanaí ó Leabhair Pháistí Éireann gur cheap 43% de thuismitheoirí agus caomhnóirí gurbh é costas na leabhar an chonstaic ba mhó ar leabhair a cheannach agus a roinnt lena bpáistí. Tá an tionscnamh bronnta leabhar saor in aisce seo, atá ar fáil ar fud an oileáin, ag cuidiú le teacht a thabhairt ar leabhair iontacha agus ag an am céanna le deis a thabhairt do leanaí teacht chun bheith ina léitheoirí, rud nach mbeadh taithí acu air sa bhaile b’fhéidir. Tá an tionscadal comhoibríoch seo ag tabhairt deis do dhaoine óga iad féin a thumadh isteach i saol saibhir na litríochta Gaeilge, agus é mar aidhm acu léamh mar spraoi agus mar áis taitnimh a chothú.
Roghnaíodh na leabhair a bronnadh as treoir léitheoireachta, Léigh Leabhar Gaeilge – acmhainn chomhoibríoch bhliantúil idir na heagraíochtaí – roghnaíodh cóipeanna de roghanna an deichniúr eagarthóirí le bronnadh ar na scoileanna. I measc na dteideal tá raon leathan scéalta spreagúla ó chuid de na scríbhneoirí agus maisitheoirí is iomráití in Éirinn, leithéidí:
- Bearradh Gruaige d’Eoinín le Muireann Ní Chíobháin, maisithe ag Róisín Hahessy
- An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin, maisithe ag Anastasia Melnykova
- Na Trí Mhuicín le Áine Ní Ghlinn, maisithe ag Paddy Donnelly
- Rita agus an Dineasár le Máire Zepf, maisithe ag Mr Ando
- An Drúchtín agus an Seilide le Oein DeBhairduin, maisithe ag Olya Anima
Taispeánann na leabhair seo cruthaitheacht, samhlaíocht agus beocht na foilsitheoireachta Gaeilge i láthair na huaire, agus tugann siad deiseanna do léitheoirí óg agus aosta léiriú a fheiceáil orthu féin, a dteanga agus a dtaithí i scéalta ardchaighdeáin.
Chomh maith le 2,500 leabhar san iomlán, fuair gach scoil rannpháirteach tacaíocht agus inspioráid maidir le conas a leabhair leabharlainne úrnua a úsáid sa seomra ranga. Tá paca acmhainní speisialta curtha i dtoll a chéile againn Léigh Leabhar Gaeilge – Pacáiste Acmhainní ina luaitear deich gcinn de na leabhair a bronnadh ar na scoileanna. Tá an paca acmhainní seo ann chun cabhrú le múinteoirí agus le hoideoirí beocht a chur sna leabhair ina gcuid ceachtanna. Cuirtear raon gníomhaíochtaí úsáideacha agus slite le tús a chur le comhrá ar fáil ionas gur féidir le múinteoirí cromadh go féinmhuiníneach ar ghrá agus meas ar an léitheoireacht Ghaeilge a mhúscailt ina gcuid daltaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann.
Ag labhairt dó ar an tionscnamh seo, dúirt an Múinteoir Róisín Ní Mhuineacháin ó Scoil Lorcáin:
“Is deis iontach é seo d’ár bpáistí agus cuirfidh sé go mór leis an spéis sa léitheoireacht timpeall na scoile.Tá na páistí ag baint an-taitneamh cheana féin as na leabhair atá tagtha mar chuid den deontas a fuaireamar. Cabhróidh sé go mór leo rogha níos leithne a bheith acu as leabhar Gaeilge sa leabharlann agus cuirfidh sé léitheoireacht Gaeilge ar aghaidh go mór sa scoil. Tá sé mar sprioc againn sa scoil grá don léitheoireacht a thabhairt do pháistí Scoil Lorcáin agus táimid cinnte go gcabhróidh na leabhair nua seo go mór leis sin.
Uaireanta bíonn sé deacair teacht ar leabhair nua, tarraingteach do pháistí as Gaeilge, atá difriúil ó na cinn a bhíonn againn sa scoil cheana féin. Leis an ábhar tacaíochta ó Léigh Leabhar Gaeilge, tá go leor moltaí ar fáil agus beidh na hachmhainní sin ina gcabhair iontach nuair atá leabhair nua á cheannach againn i mbliana don leabharlann scoile. Tá an pacáiste achmhainní ó Léigh Leabhar Gaeilge iontach maith agus tugann sé ceisteanna spéisiúla le n-úsáid leis na leabhair éagsúla sa rang. Cuirfidh sé go mór leis an gcomhrá faoi leabhair agus faoin léitheoireacht agus táim cinnte go mbainfimid an-úsáid as.”
PF Leabhair Pháistí Éireann, Elaina Ryan:
“Nuair a bhíonn teacht ag leanaí ar leabhair den scoth, féadfaidh sé an-tionchar a bheith aige ar a nósanna léitheoireacht agus ar an sult a bhaineann siad as leabhair. Tá áthas orainn tacaíocht Fhoras na Gaeilge a fháil dár dtreoir bhliantúil do leabhair den scoth i nGaeilge, agus i mbliana, a bhuíochas leis an gcomhpháirtíocht seo, is cúis mhór áthais dúinn rogha leabhar iontach i nGaeilge a bhronnadh ar bhunscoileanna ar fud an oileáin. Tabharfaidh an bronntanas seo deis do leanaí dul ag fánaíocht i leabhair Ghaeilge agus teacht ar scéalta agus ar phictiúir den scoth agus tá súil againn go mbainfidh siad taitneamh astu sna blianta amach romhainn.”
Clárbhainisteoir na Leabhar, ÁIS agus Clár na Leabhar Gaeilge:
“Bhí lúcháir orainn comhpháirtíocht a dhéanamh arís eile le Leabhair Pháistí Éireann, chun raon leathan na leabhar Gaeilge atá ar fáil do pháistí de gach aois a thaispeáint. Tugann an ghné den tionscadal comhoibríoch seo a bhaineann le bronnadh leabhair, chomh maith leis an bpacáiste acmhainní, tacaíocht bhreise do scoileanna, múinteoirí agus teaghlaigh chun forbairt a dhéanamh ar a ngrá do scéalta iontacha. Faigheann Léigh Leabhar Gaeilge tacaíocht ó Love Leabhar Gaeilge, agus is toradh é ar chomhfhís ina mbeidh feasacht níos mó ag gach páiste agus teaghlach agus teacht acu ar na leabhair Ghaeilge iontacha seo.”
Léiríonn an clár a dháiríre atá Leabhair Pháistí Éireann agus Foras na Gaeilge mar gheall ar léitheoireacht mar spraoi a chur chun cinn agus tacú le rannpháirtíocht leanaí sa Ghaeilge trí leabhair chomhaimseartha ar ardchaighdeán.