Scéinséir crua fileata suite ar bhruach na Meánmhara. Seo é scéal triúr comrádaithe a d’fhás suas in éindí ar shráideanna grianlasta Mharseille — Ugo, Manu agus Fabio — agus Lole álainn ghiofógach. Dlúthchairde iad le linn a n-óige. Scarann an saol ó chéile iad, agus tugann an bás ar ais iad.
Mar chúlra leis an scéinséir fileata Meánmharach seo, tá Marseille — ó chúl-sráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort — áit a mhaireann Francaigh, IIodálaigh, Spáinnigh agus Arabaigh na cathrach sin.
File agus scríbhneoir Marseilleach ab ea an t-údar Jean-Claude Izzo. Chomh maith le Kíor Thuathail (Total Khéops), ar a shaothar tá na húrscéalta Chourmo agus Solea. Cailleadh é sa bhliain 2000. Scannánaíodh Kíor Thuathail don teilifís faoin teideal Fabio Montale in 2001 agus don phictiúrlann faoin teideal Total Khéops in 2002.
The author Jean-Claude Izzo was a poet and a writer from Marseille. As well as Kíor Thuathail (Total Khéops), he has written the novels Chourmo and Solea. He died in 2000. Kíor Thuathail was televised under the titles Fabio Montale in 2001 and filmed in 2002 under the title Total Khéops.