Tosaíonn an scéal seo sa bhliain 1914 agus díríonn sé ar fhear óg Maitiú Mac Suibhne as Gaeltacht Chloich Chionnaola i nDún na nGall. Tá sé ag obair mar gharraíodóir don teach áitiúil agus liostálann é féin agus cara mór leis, Domhnall Ó Gallchóir, chun dul ag troid le hArm na Breataine sa Chogadh Mór. Tá an bheirt lán dóchas, misneach agus muinín na hóige agus iad ag súil go dtabharfaidh seal san airm seans dóibh cuid den domhain mór a fheiceáil.
Ach is glas iad na cnoic atá i bhfad uainn agus ní thógann sé i bhfad go dtí go bhfuil Maitiú agus Domhnall ag fulaingt go mór i dtrinsí na Fraince. Déantar cur síos ar lomfhírinne an áir atá mórthimpeall orthu idir ionsaí gáis, marú agus foréigean, galar agus cos mhorgach, ocras agus míchompord (tá cur síos nach bhfágfaidh m’intinn ar na míolta ag siúl ar na saighdiúirí). Tagann lagmhisneach orthu ní hamháin go fisiciúil ach go spioradálta agus iad ag éirí díchreidmheach mar gheall ar chúis an chogaidh agus iad ag brionglóid faoi shábháilteacht an bhaile.
Ceann de na buaicphointí sa scéal seo ná an cur síos a dhéantar ar na carachtair éagsúla sa scéal. Idir na daoine a bhfuilimid báúil leo agus na daoine nach bhfuil sé éasca mórán cion a bheith againn orthu, tógtar orthu go healaíonta agus cruthaítear pictiúir iomlán de na príomhcharachtair sa scéal. Fiú agus é ag déanamh cur síos ar mheascán na bhfear atá sa bhuíon leo, is iontach an cur síos a dhéanann an t-údar:
“Éarcaíodh meascán mór fear; fir spáide, fir sráide, fir oifige, fir a throidfeadh lena scáile féin agus fir nach ndéarfadh bú ná hú le haon duine; fir óil agus ceoil a bhí lán de chroí.”
Cuireann na focharachtair ar nós Driscoll agus William Craig go mór leis an scéal agus tá an greann iontach tríd mar go dtugann sé faoiseamh ó uafás na cogaíochta. Scríobhtar caint na ndaoine i pé teanga nó canúint atá acu bíodh sé an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, canúint Ulaidh nó blas na hAlban agus cuireann sé seo go mór le inchreidteacht agus barántúlacht an scéil. Léiríonn an scéal an tábhacht a bhaineann le cairdeas agus an bráithreachas le linn amanna deacra an chogaidh.
Feictear rian filíochta an fhile tríd an leabhar agus é scríofa go ceolmhar, fileata, ealaíonta. Déantar cur síos ealaíonta ar an dúlra agus ar thírdhreach na Fraince agus é ag déanamh cur síos ar fheirmeacha, coillte, botháin agus sciobóil faoin tuath:
“Bhí duilliúr úrghlas an tsamhraidh ag maisiú na gcrann agus na sceach.”
Is iomaí tagairt a dhéantar do chúrsaí polaitíochta an ama san Eoraip agus in Éirinn; idir Éirí Amach na Cásca, teannas idir na Sasanaigh agus na hÉireannaigh in Éirinn agus meon frithchogaidh ag leathnú san Eoraip. Is cinnte gur leabhar frithchogaidh é seo agus Maitiú ag féincheistiú an marú agus an t-ár, an creideamh agus cúrsaí saoil. Ach idir an dorchadas agus an cruatan ar fad tá sólás agus faoiseamh ann leis an nádúr, grá an duine, cairdeas agus greann, agus dóchas go bhfeabhsóidh cúrsaí. Ropleabhar amach is amach.
Cláraigh dár nuachtlitir don nuacht is déanaí ar leabhair Ghaeilge, imeachtaí, acmhainní agus feachtais.