Na Trodaoirí

Na Trodaoirí

Seo an chéad leabhar sa tsraith de cheithre úrscéal grafacha ón mbunsraith Fraincíse Bergéres Guerriéres. Tá an scéal lonnaithe i sráidbhaile beag, áit ar fhág na fir ar fad deich mbliana ó shin chun dul ag troid sa Chogadh Mór sna Críocha Cráite. Níl tásc ná tuairisc orthu ó shin agus caithfear an sráidbhaile a chosaint ó fhórsaí seachtracha. Mar sin, déantar an cinneadh chun tús a chur le hOrd Speisialta leis na mná agus na cailíní ar fad atá fágtha ann chun an áit a choinneáil sábháilte.

Taobh istigh de chlúdach an leabhair tá léarscáil dheas a thaispeánann an sráidbhaile agus an ceantar máguaird dúinn. Feicimid áiteanna eile atá tábhachtach sa tsraith amhail an Gleann Gaofar, Sliabh na Crúibe Duibhe agus Tír na dTóraithe.

Is í an cailín óg Moll príomhcharachtar an scéil agus is cailín bríomhar, cróga, díograiseach agus paiseanta í. Nuair a bhuailimid léi ag tús an leabhair tá sí ag dul i mbun traenála chun a bheith san Ord Speisialta. San Ord sin, tá sraitheanna difriúla: tosaítear amach leis na Príntísigh a chaitheann clóca glas, na Trodaoirí cáilithe a chaitheann clóca gorm agus na sárlaocha a chaitheann clóca dearg. Tá Moll ag iarraidh a bheith ina sárlaoch cheana féin.

Tá féith an ghrinn go smior tríd an scéal seo agus tá Moll agus na cailíní eile ar nós Gobnait, Erin agus Síle thar a bheith barrúil agus iad ag dul i mbun traenála leis na múinteoirí Tónaí (Tóinín Tine) agus Pádraigín. Tá an Ghaeilge nádúrtha agus saibhir le téarmaí deasa “bainimis deatach as”, “sin é an fáth go bhfuil cloch sa mhuincille aici dó”. Úsáideann an t-údar imeartas focal ann freisin ó am go chéile “níor chaill gabhar an mhisnigh riamh é!”

Agus na cailíní ag foghlaim boghdóireachta agus scileanna troda, bíonn dlúthchara Moll, buachaill darb ainm Liam, ag iarraidh a bheith ag troid leis na cailíní freisin. Tá gabhar mór ag gach cailín a dtéann siad ag marcaíocht orthu agus is é Driseog an gabhar dílis atá ag Moll.

Cé go bhfuil an greann tríd an scéal ar fad, feicimid an dorchadas ó am go ham freisin. Ag teach Liam, buailimid lena uncail Seán atá crosta cantalach ag caint faoin gCogadh agus an t-aiféala atá air gur seoladh a dheartháir ann nuair nach raibh sé ach 14 bliain d’aois. Freisin, tá an caidreamh idir Moll agus a máthair faoi scáth – níl meas ag Moll ar a máthair mar gheall nach bhfuil sí sna Trodaoirí agus mar nach labhraíonn sí faoi athair Mholl riamh. Buaileann Moll le Gobnait agus iad ag caint faoi na máithreacha – tá máthair Ghobnait faoi bhrón ó d’fhág athair Ghobnait freisin.

Mar chuid den traenáil, téann an tOrd Speisialta ar mhisin éagsúla. Ar dtús, téann siad ar mhisean le Mamó Máire chun gearrthóga a thabhairt do dhream asarlaithe a cheanglóidh le crann draíochta iad mar go leigheasfar tinneas na ndaoine ar leo iad. Nuair a bhuaileann siad leis na hasarlaithe, feiceann siad cailín óg le fiach dubh ar an lámh aici. Tá mistéir agus teannas ag baint leis seo a fhillfidh arís sa scéal.

Ar aghaidh leo ar mhisean eile le múinteoir Siobhán agus tugann sí cead do Liam dul in éineacht leo. Buaileann siad le coirpigh – beirt dheartháir agus a máthair – sa ghleann a dhéanann iarracht na gabhair a ghoid. Agus iad ag troid, deir an mháthair go bhfuil siad scanraithe roimh an Bhrúid Dhubh agus cé a thagann aniar aduaidh orthu ag an bpointe sin ach an Bhrúid Dhubh é féin. Fágtar ar dhá cheann na meá sinn ansin agus fios dúinn go mbuailfimid leis an mBrúid Dhubh sa chéad eagrán eile sa tsraith.

Tá sárjab déanta ag Caitlín Nic Íomhair leis an aistriúchán seo agus coinníonn sí luas agus greann an scéil go héifeachtach. Tá an Ghaeilge iontach ann agus léann sé go nádúrtha san úrscéal grafach. Cuireann na léaráidí áille bríomhara go mór leis an scéal agus tá aghaidh na gcarachtar mar bhuaicphointe ach go háirithe.

Scéal thar a bheith siamsúil agus éasca le léamh, is iontach an rud é go bhfuil sé aistrithe anois go Gaeilge.

Léirmheasanna Iontacha Eile