Léirmheas le: Úna Nic Cárthaigh
San úrscéal seo do dhéagóirí, buailimid le Éanna Ó Corra nó ‘Éanna Corr’ mar a thugann daltaí eile ina mheánscoil air. Is aonarán é Éanna, duine ar an imeall nach bhfuil mórán cairde aige go dtí go dtagann dalta nua chuig an scoil – Síomón Collina. Is duine an-difriúil é Síomón sa chaoi is go bhfuil sé muiníneach agus lán-chinnte de féin. Nuair a léiríonn Síomón suim in Éanna agus tá sé ag iarraidh a bheith cairdiúil leis, tagann athrú ollmhór ar shaol Éanna. Ach ní mar a shíltear a bhítear agus níl Síomón go hiomlán macánta ina chairdeas le Éanna. Tá Síomón mar bhall den ghrúpa ‘An Teampall Nua’ agus teastaíonn uaidh Éanna a mhealladh chuig an ngrúpa céanna. Tá tuismitheoirí Síomón – Val agus Anna – ina mball den Teampall Nua agus nuair a léiríonn siad cion ar Éanna, rud nach bhfuil léirithe ag a thuismitheoirí féin le fada an lá, tá sé meallta i dtreo an ‘cultas’ seo. Cé nach bhfuil mórán daoine i saol Éanna ann mar chrann taca dó, tá a dheirfiúr Brídín, atá ina hiriseoir, buartha faoin athrú atá tagtha ar a deartháir. An mbeidh sí in ann é a shábháil in am?
Is scéal corraitheach, cumhachtach é seo atá suimiúil ní hamháin do dhéagóirí, ach do dhaoine fásta mar aon. Léiríonn sé cé chomh leochaileach agus atá duine ar an imeall, duine nach léirítear mórán spéise iontu. Taispeánann sé freisin an tionchar atá ag daoine láidre ar dhaoine ar an imeall mar seo. Nuair a sheasann Síomón an fód d’Éanna, is mór d’Éanna é agus cuirfidh sé crua air féin ar son Shíomóin i ndiaidh sin. Déanann Antain Mac Lochlainn cur síos den chéad scoth ar an mbrú mothúchánach nuair a léiríonn sé an cineáltas agus an cion atá ag Síomón, Val agus Anna ar Éanna ag tús an leabhair agus an chaoi ina athraíonn sin chuig brú agus bagairt de réir a chéile.
Cruthaítear teannas iontach tríd an leabhar fad is atá Síomón agus a thuismitheoirí ag iarraidh Éanna a mhealladh, scríobhtar seo ar bhealach atá thar a bheith inchreidte – tuigimid an fáth go bhfuil Éanna ag iarraidh Síomón a chreidiúint. Feicimid clisteacht Shíomón agus cad atá á spreagadh chun Éanna a earcú. Tarraingítear na carachtair go héifeachtach agus mar gheall go n-insítear an scéal ó dhearcadh Éanna, Síomón agus Bridín, faigheann léitheoirí léargais dhifriúla ar an scéal.
Tá an scéal seo an-ábhartha go háirithe sa lá atá inniu ann agus is cinnte go ndéanfaidh léitheoirí ceangailt leis na téamaí a phléann sé, ina measc: cúrsaí cairdis agus bulaíochta, fadhbanna teaghlaigh, brú mothúchánach agus leochaileacht. Ropleabhar amach is amach.