D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu (Déardaoin, 22 Lúnasa 2024) na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).
Tá fiche (20) leabhar ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo – ocht (8) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló.
Bhain 11 Teach Foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Coiscéim; Dalen Éireann; Dingle Publishing; Éabhlóid; Futa Fata; Gliadar; Leabhar Breac agus LeabhairCOMHAR. Tá liosta iomlán de na leabhair atá gearrliostaithe ar fáil thíos.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na tithe foilsitheoireachta ar fad ar bhain gearrliostaí na bliana seo amach”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Tá éacht a dhéanamh acu siúd atá ag saothrú in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge ach tá géarghá le hinfheistíocht shubstaintiúil san earnáil, mar a mhol Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sa tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge a seoladh ag Oireachtas na Samhna 2023. Is den riachtanas é go gcuirfear na tacaíochtaí atá sonraithe sa tuarascáil ar fáil le go mbeidh ar chumas scríbhneoirí agus foilsitheoirí araon déileáil leis na dúshláin a bhaineann le tionscail na foilsitheoireachta ar bhonn domhanda chomh maith leis na cúinsí breise a bhíonn le háireamh acu siúd a bhíonn ag saothrú i ngort na mionteangacha. Ní leor é mar straitéis a bheith á síormholadh siúd a n-éiríonn leo feidhmiú ar an ngannchuid – tá gníomhartha tacaíochta de dhíth le go mbeidh rath ar an earnáil.”
Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc Dé Luain, 23 Meán Fómhair 2024 / ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Gabhann duaischiste de €17,000 leis na trí ghradam. Tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil ag www.antoireachtas.ie.